mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (September-October) » Archive through October 07, 2009 » Ceardlann Teanga « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ebony (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Monday, September 28, 2009 - 09:51 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dia dhaoibh go léir, is mac léinn Gaeilge mé agus tá a lán cearlainn teanga againn i mbliana. Táimid ag obair le aistriúcháin an seachtain seo agus caithfimid achoimhre a scríobh amach ar sliocht a bhfuil scríbhte as Béarla. Is é an t-ábhar ar an sliocht ná: Discrimination against red-haired people...

So...an ceist a bhfuil agam...an bhfuil aon focal áirithe ann chun "daoine le gruaige rua" a rá as Gaeilge?
Nó an mbeidh orm an frása thuasluaite a rá..

Go raibh míle maith agaibh :)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 104
Registered: 01-2009
Posted on Tuesday, September 29, 2009 - 08:04 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A hEbony,

Déarfainn go bhfuil do chuid Ghaeilge i bhfad níos fearr ná mo chuidsa ach is docha go bhféidir leat "daoine rua" a usáid. Ceapfainn go dtuigfí an gruaige.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8885
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, September 29, 2009 - 09:58 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sin é. Daoine rua (nó dubh, nó donn nó catach....)

Ach duine gorm más cneas atá i gceist. Cneas atá i gceist le Buí uaireanta, ach polaitíocht uaireanta eile - más Fear Buí atá ann!

Agus, ar ndóigh, tá an Fear Dubh ann - an diabhail!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James_murphy
Member
Username: James_murphy

Post Number: 348
Registered: 11-2005


Posted on Tuesday, September 29, 2009 - 02:18 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá "Seán Buidhe" mar leas-ainm ar Shasanach ann freisin. Deir an Duinníneach gur "ugly, dirty, bad" an brígh atá leis sa chás sin :)

Fuaras "Ruadhán" sa bhfoclóir sin freisin a chialluigheann "a red or reddish-brown person, animal or thing".

Séamus Ó Murċaḋa

Inis fá réim i gcéin san Iarṫar tá
Dá ngoirid luċt léiġinn Tír Éireann fialṁar cáil



©Daltaí na Gaeilge