mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (September-October) » Archive through October 07, 2009 » Cá bhfuil feasachán clóbhuaillte na nuachta de chuid RTÉ? « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 507
Registered: 04-2008
Posted on Wednesday, September 23, 2009 - 02:30 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An amhlaidh go bhfuil áis Ghaelainne eile curtha faoi chois nó cá bhfuil feasachán clóbhuaillte na nuachta de chuid RTE.ie?

Ba ghnáth dom sciuird isteach ann ar bhonn laethúil nach mór le h-achoimre nuachta ón seanfhód a léamh.

Murach "an Druma Mór" ní bheadh faic fágtha ó thaobh na nuachta laethiúla de.

Ní fios dom cé acu is cóngaraí dom: racht feirge nó fonn urlacain.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 359
Registered: 04-2007
Posted on Wednesday, September 23, 2009 - 05:46 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Beidh na seirbhísí ar An Druma Mór ag bogadh chuig www.nuacht24.com go luath, creidim. Tá cuma an-mhaith ar an suíomh sin. Ach tá an ceart agat, gur náire mór é nach bhfuil RTÉ ag cur na seirbhíse seo ar fáil. Pobal na Gaeilge féin atá ann.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Diarmo
Member
Username: Diarmo

Post Number: 297
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, September 24, 2009 - 04:01 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

wow tá cuma álainn air...

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

An_chilleasrach
Member
Username: An_chilleasrach

Post Number: 99
Registered: 01-2009
Posted on Thursday, September 24, 2009 - 04:52 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní fhaca mé an suíomh sin riamh. Cé a chuir é le chéile? Ní féidir liom aon fianaise a fháil ar an suíomh fhéin.

Tá cuma álainn air ceart go leor ach tá cuma costasach air chomh maith! Tá súil agam go maireann sé agus go gcuirfear núachtán clóite ar fháíl freisin (feicim go bhfuil alt ann faoi Foras na Gaeilge agus an conradh Foinse).

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8864
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, September 24, 2009 - 05:40 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Chuir Eoghan Ó Neill & a chairde le chéile é nuair a bhí siad ag cur isteach ar Chonradh do nuacht físe. Níl fhios agam an bhfuil sé beo ó shin - tá an cuma air go bhfuil sé ag obair ar an suíomh blogger go príomha faoi láthair.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnall_Ó_h_aireachtaigh
Member
Username: Domhnall_Ó_h_aireachtaigh

Post Number: 660
Registered: 09-2006


Posted on Thursday, September 24, 2009 - 11:33 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Dhiarmo!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 513
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, September 26, 2009 - 02:59 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is suíomh iontach é nuacht24.com agus tá súil agam go n-éireodh go geal leis an dream fonnmhar díograsach úd atá taobh thiar den tionscnamh sin.

Ach lena chois sin, tá dualgas ag an stát seirbhís a chur ar fáil trína h-eagraíochtaí stáit fhéin, a bheadh ag freastal ar riachtanais an phobail a bhfuil breaceolas maith ar an nGaelainn acu, le hiad a mhealladh chuig an teanga agus le a bheith ag cabhrú dóibh an bhearna mhillteach siúd a líonadh a bhíonn fós ann nuair a fhágann daltaí an scoil.

Ba leor ar dtús suíomh faisnéise a chur ar fáil ina mbeadh cur síos neodrach ann ar chúrsaí an lae (nó cúrsaí na seachtaine ar dtús) idir chúrsaí nuachta, chúrsaí spóirt, chúrsaí siamsaíochta srl.

Áis fhoghlamtha a bheadh ann a mbeadh mar phríomhaidhm aici na téarmaí gaelacha a chur i mbéal an phobail ionas go mbeadh an pobal in ann plé le cúrsaí reatha agus iad a phlé trí mheán na Gaelainne. Is é an taithí atá déanta agam ná gur dodhéanta ar fad é páirt a ghlacadh i gcomhrá faoi rud éigin mura bhfuil buntéarmaíocht an ábhair ar mo chumas agam.

Ba chóir go mbainfí an-úsáid as leaganacha dátheangacha agus gluaiseanna chun an rud a éascú chomh fada agus ab fhéidir.

Agus ba chóir go mbeadh roinnt mhaith de na h-ailt le leagan labhartha díobh agus cainteoirí dúchais i mbun na tráchtaireachtaí labhartha.

Lena h-ais sin agus sa chaoi chéanna d'fhéadfaí ciclipéid Ghaeilge-Gaeilge a bhunú agus d'fhéadfaí a bheith ag cur leis de réir a chéile.

Ní mhairfidh an teanga go deo dá mbeadh sí ag brath ar an gcúpla focal i dteannta leis an gcraic-agus-ceolachas.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.



©Daltaí na Gaeilge