http://www.guthnag.com quote:Seo feachtas pobail a bunaíodh i nGaoth Dobhair leis an phobal a chur ar an eolas faoi impleachtaí na gciorruithe atá molta don Ghaeilge agus don Ghaeltacht agus le cur ina n-éadan. Beidh an feachtas seo ag díriú go huile is go hiomlán ar chúrsaí Gaeltachta agus Gaeilge amháin. Chuige sin, beidh muid ábalta feidhmiú níos éifeachtaí.
Tá ciorruithe tromchúiseacha molta ag an Bhord Snip Nua don Ghaeltacht agus don Ghaeilge – ciorruithe a bheas ina mbagairt iomlán do dhúshraith na Gaeilge agus na Gaeltachta féin. Istigh ar an suíomh seo, gheobhaidh tú achoimre ar na príomhphointí a bhaineann leis na ciorruithe sin.