mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (September-October) » Archive through September 24, 2009 » Etymology - Teach « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 353
Registered: 04-2007
Posted on Tuesday, September 22, 2009 - 09:17 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An bhfuil eolas ag aon duine ar fhoinsí sanasaíochta Gaeilge? Sílim go mbeadh a leithéid d'áis an-úsáideach agus an-spéisiúil ar fad.

Tá mé ag iarraidh theacht ar bhun an fhocail 'TEACH / TÍ', má tá aon eolas amuigh ansin. Ritheann sé liom go bhfuil sé cosúil go leor leis an fhocal Bascach 'ETXE' ach cá bhfios.

GRMA.

(Message edited by RG_Cuan on September 22, 2009)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8846
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, September 22, 2009 - 10:49 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Don Ghaeilge, níl go bhfios dom.

Tá MacBain ann do ghaeilge na hAlbain

http://www.ceantar.org/Dicts/MB2/

Ach ní bhfuair mé teach ann.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 354
Registered: 04-2007
Posted on Tuesday, September 22, 2009 - 11:44 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Nach aisteach nach bhfuil teach / taigh ann?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lars
Member
Username: Lars

Post Number: 424
Registered: 08-2005
Posted on Tuesday, September 22, 2009 - 11:50 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Latin "tectum" (= roof) I'd think

Lars

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 355
Registered: 04-2007
Posted on Tuesday, September 22, 2009 - 12:14 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cool Lars, grma. I'll check it out.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8849
Registered: 08-2004


Posted on Tuesday, September 22, 2009 - 12:17 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is cosúil nár fhéach mé i gceart!
teach
a house, Irish teach, Old Irish tech, teg, g. tige, Welsh ty, Cornish ti, Old Breton teg, tig, ti, now ti: *tegos, g. teges-os; Greek @Gtégos, roof, @Gstégw, cover; Latin tego, cover, tectum, house; English thatch, German dach; Lithuanian stë/giu, cover; Sanskrit sthagati, cover.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 356
Registered: 04-2007
Posted on Tuesday, September 22, 2009 - 12:17 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Aye, tá mé i ndiaidh amharc ar MacBain arís agus tá sé aige.

Tá sé gaolta le 'Tectum', agus 'Thatch' an Bhéarla.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 357
Registered: 04-2007
Posted on Tuesday, September 22, 2009 - 12:37 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhain tú as mo bhéal é Aonghuis!

Tá mé i ndiaidh amharc ar Fhoclóir Sanasaíochta Euskara - http://www.sussex.ac.uk/linguistics/documents/lxwp23-08_edb.pdf - agus tá cúpla tagairt don Ghaeilge ann.

Deir sé nach bhfuil a fhios acu an bunús atá le 'ETXE' ach gach seans go bhfuil sé gaolta leis an bhunús atá le 'TEACH', nó tá an fhuaim cosúil lena chéile go fóill.

Tá cúpla focal eile Bascaise atá cosúil leis an Ghaeilge ach dar leis an fhoclóir thuas nach bhfuil a mbunús ar eolas ag aon duine.

Ceann amháin ná an focal faoi choinne cúig (5), 'BOST', atá gar do 'BOS' na Gaeilge, agus an focal faoi choinne uisce 'UR', atá mar 'ÚR' na teanga s'againne.

Cibé ar bith, fágfaidh mé é ag na sanasaithe!

(Message edited by RG_Cuan on September 22, 2009)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member
Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg

Post Number: 753
Registered: 04-2008
Posted on Tuesday, September 22, 2009 - 02:24 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Deir sé nach bhfuil a fhios acu an bunús atá le 'ETXE' ach gach seans go bhfuil sé gaolta leis an bhunús atá le 'TEACH', nó tá an fhuaim cosúil lena chéile go fóill.


Ní deir sé a leithéid in aon chor. "The conservative form is app. etse, with common etxe by expressive palatalization," arsa Trask. Níl aon trácht ar bhaint le haon fhréamh Cheilteach.

Ní fheicim aon chosúlacht áirithe aige sin leis an bhfréamh Phróta-Ind-Eorpach *tegos-. Ina theannta sin, ní cruthúnas aon ruda ná cúpla cosúlacht teagmhasach ar aon chaoi. Gheobhair a leithéid i gcónaí má bhíonn tú ar a lorg fada go leor.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Rg_cuan
Member
Username: Rg_cuan

Post Number: 358
Registered: 04-2007
Posted on Tuesday, September 22, 2009 - 08:43 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Deir an foclóir nach bhfuil a fhios ag aon duine cá as a dtagann an focal ETXE/ETSE. Is fíor sin. Tuairimíocht s'agam féin a bhí sa dara cuid den ráiteas (ag tosnú leis an fhocal 'ach') a scríobh mé thuas.

Ach, mar a luaigh mé, bhí mé ag iarraidh an cheist a fhágáil ag na sanasaithe... agus tháinig duine acu isteach de réir cosúlachta le heolas a thabhairt dúinn ar an fhréamh Phróta-Ind-Eorpach agus nach dócha go bhfuil nasc aige le ETXE.

Taing.



©Daltaí na Gaeilge