Author |
Message |
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 14 Registered: 06-2009
| Posted on Tuesday, September 15, 2009 - 06:19 pm: |
|
D'úirt colcheathar liom go ndeireann cara léi 'deoch an dorais' le haghaidh 'one for the road'! So bhí me ag léamh liom thart Google agus d'úirt foinse amháin gur sa Scots Gaelic a úsáideann siad an fhriotal sin go minic. Níor chuala mé 'deoch an dorais' roimhe seo. An mbíonn sé á usáid go minic in Éirinn nó an bhfuil aon dóigheanna eile ann chun 'one for a road' a rá/a aistriú? |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 385 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, September 15, 2009 - 06:57 pm: |
|
Deoch an dorais, deoch an bhóthair agus deoch an chlaí. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 408 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, September 15, 2009 - 08:34 pm: |
|
Suimiúil, níor chuala mé an leagan Gaeilge ariamh. Gaeilge go deo!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8822 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 16, 2009 - 05:41 am: |
|
Caithfidh sibh ól le Gaeilgeoirí níos minice, is léir! Cloiste (agus ráite) go minic agamsa. Is maith liom leagan Sheosaimh, ach is dócha go mba cheart deoch an chlaí a sheachaint! |
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 254 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, September 16, 2009 - 05:56 am: |
|
Aontaím le hAonghus. Ólaigí le Gaeilgeoirí -- agus ceannaígí deoch dóibh! Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com
|
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 409 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, September 16, 2009 - 05:58 am: |
|
Seo ceann eile nuair a óltar le Gaeilgeoirí: Ormsa an ceann seo = This round is on me Gaeilge go deo!
|
|
Mbm
Member Username: Mbm
Post Number: 255 Registered: 01-2006
| Posted on Wednesday, September 16, 2009 - 06:06 am: |
|
Is fearr liom an ceann sin a chloisteáil ná é a rá. Mo bhlag sa seanchló Gaelach: www.cainteoir.com
|
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 410 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, September 16, 2009 - 06:13 am: |
|
LOL Caith siar é = drink up Gaeilge go deo!
|
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 15 Registered: 06-2009
| Posted on Wednesday, September 16, 2009 - 10:19 am: |
|
Trigger, a chara, deirtear freisin i gConamara 'Is leatsa an cheann seo'. |
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 16 Registered: 06-2009
| Posted on Wednesday, September 16, 2009 - 10:25 am: |
|
Aonghus: An féidir idirdhealú a dhéanamh idir deoch an dorais agus deoch an chlaí? (Bí cineálta liomsa!!) |
|
Tommyoflaherty
Member Username: Tommyoflaherty
Post Number: 12 Registered: 12-2006
| Posted on Wednesday, September 16, 2009 - 10:38 am: |
|
Nach bhfuil,cath siar é= throw it back. But in the same context of course. Fla
|
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 17 Registered: 06-2009
| Posted on Wednesday, September 16, 2009 - 11:08 am: |
|
Tá agus fuaimíonn sé mar 'cath siar é' i gConamara ach 'caith siar é' an litriú atá air. Deirtear sin go minic anseo :) |
|
Tommyoflaherty
Member Username: Tommyoflaherty
Post Number: 14 Registered: 12-2006
| Posted on Wednesday, September 16, 2009 - 11:32 am: |
|
Gabh mo leithscéal a Sinead faoi mo chuid litriú. Tá mé as cleachtadh ar feadh tamaill fhada anois... Cén áit í gConamara an bhfuil tú as. Fla
|
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 18 Registered: 06-2009
| Posted on Wednesday, September 16, 2009 - 12:28 pm: |
|
Oh no is foghlaimeoir mé chomh maith ach cónaíonn mé ar an Spidéal anois- beidh mé ag dul ar ais ar obair go gairid agus ag bogadh :( Ach tá mé ag foghlaim le cúig mhí nó mar sin anois. Hm... céard a chiallaíonns 'gugaí siar'? Tá sé cloiste agam díreach anois ar an raidió. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8823 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, September 16, 2009 - 12:54 pm: |
|
D'fhiafraigh Sinéad quote:An féidir idirdhealú a dhéanamh idir deoch an dorais agus deoch an chlaí? Níl fhios agam. Ach má fhágann an deoch sa chlaí thú, is dócha go bhfuil barraíocht ólta agat? |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 411 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, September 16, 2009 - 12:55 pm: |
|
A Shinéad, bhí mé ag ceapadh go raibh tú ag foghlaim Gaeilge níos faide ná cúig mí mar gheall ar an méid Gaeilge atá agat, an raibh do chuid Gaeilge réasúnta maith sa chéad dul síos? Gaeilge go deo!
|
|
Sineadw
Member Username: Sineadw
Post Number: 19 Registered: 06-2009
| Posted on Wednesday, September 16, 2009 - 01:31 pm: |
|
ah.ha tuigim anois- claí - as in ditch!- Bhí mé ag smaoineamh ar 'fence' agus níor thuig é mar sin de. Go raibh maith agat! Sea má fhágann an deoch sa chlaí thú is dócha go bhfuil 'braon beag thar an gceart istigh agat' mar a déarfá sa 'Pádhraic Mháire Bhán'. (actually does that mean that you aren't all there?!! I was taking it to mean a drop too much to drink) Trigger- well bhí agus ní raibh i mo thuairim. Chaith mé seal gairid i monarcha i gCasla cupla bliain ó shin ach d'fhág me ar leataobh é mar gheall ar an iarchéim tar éis sin agus tá mé ag foghlaim go 'lán aimseartha' ar m'aonar agus bíonn rang agam chuile choicís le cúig mhí anois- ceithre uair sa lá b'fhéidir a bhíonn ag staidéar. Tá mé cromtha air i ndáiríre ach tá orm dul ar ais ag obair :( |
|