(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, August 19, 2009 - 08:19 am: |
|
Bhí agallamh agam inné le haghaidh máistreachta. Cheapas gur chuaigh sé go bréa agus bhíos áthasach leis. Ach nuair a chuas abhaile, thugas fé deara gur bhíos tar éis a rá: Bhraitheas an Ghaeilge uaim go mór Ach an rud ceart ná: Bhraitheas uaim an Ghaeilge go mór. In bhur dtuairimse, an botúin ollmhór é sin, ba chóir go mbeadh sé sin ar eolas agam, agus bhí sé ach i ndeireadh na dála, bhíos neirbhíseach. |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8699 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, August 20, 2009 - 07:57 am: |
|
Ní bheinn ró bhuartha faoi. Ní dóigh liom go bhful an chéad leagan ró mhí cheart, má tá in aon chor. Tá an chiall soileir, agus sin an príomh rud. Misneach! |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, August 20, 2009 - 08:25 am: |
|
Rud eile a dúras nuair a bhíos ag fágaint ná: Go raibh maith agaibh (bhí beirt ann) Slán tamaill (!) Bheadh sé i bhfad níos oiriúnaí a rá díreach Slán... Chríost. |