mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (July-August) » Archive through August 25, 2009 » Purple Passage « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Tuesday, August 11, 2009 - 06:56 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá ag lorg an téarma do "Purple Passage" sa Ghaelinn, an bhfuil a fhios ag éinne cad é sin?

Chomh maith leis sin, an m'aistriúchán ceart:
persecution of witches- gearleanúint caillí

Bhíos ar thóir Gaelinn do "Witchcraft" ach ní rabhas in ann aon ní a fháilt! Aon tuairimí?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lughaidh
Member
Username: Lughaidh

Post Number: 3143
Registered: 01-2005


Posted on Saturday, August 15, 2009 - 12:31 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Persecution of witches : géaleanúint cailleach (toisc gurb é an ginideach uatha "caillí", ní an ginideach iolra).

Witchcraft : draíocht
(ach ciallaíonn sé "druidism" leis).

Ní fheadar cad é an ní "Purple Passage"... an aistriúchán focal ar fhocal atá bhuait?

Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8684
Registered: 08-2004


Posted on Saturday, August 15, 2009 - 12:48 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"sliocht aibhsithe" a mholainn focal.ie

http://www.focal.ie/Search.aspx?term=sliocht%20aibhsithe&lang=2

asarlaíocht ann leis. Braitheann sé an droch- nó dea- dhraíocht atá i gceist is dócha. Níl ceachtar acu inscneach, ach níl witchcraft ó cheart ach oiread.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

(Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Saturday, August 15, 2009 - 07:45 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhíos ag ceapadh go bhfuil sé corrú caithe nó rud mar sin?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8688
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, August 16, 2009 - 06:36 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá nath mar sin ann, ach ní dóigh liom gurbh ionann a chiall.

cóiriú catha
http://www.focal.ie/Search.aspx?term=c%C3%B3iri%C3%BA%20catha&lang=2

http://dictionary.reference.com/browse/purple+passage

purple passage

noun
a passage full of ornate and flowery language

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 442
Registered: 07-2006
Posted on Sunday, August 16, 2009 - 11:25 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Ruthag" - a "run" in folk-tale. ("Rosc" freisin)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8689
Registered: 08-2004


Posted on Monday, August 17, 2009 - 06:32 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is é an tuiscint a bhí agamsa ná gur locht ar píosa scríbhneoireachta a bheadh i purple passage nó ar a laghad barraíocht díobh, ach gur gné thábhachtach san eachtraíocht an cóiriú catha, agus gur gné cuimhneolaíoch atá san ruthag.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 493
Registered: 04-2008
Posted on Tuesday, August 18, 2009 - 10:48 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is é an tuiscint a bhí agamsa ná gur locht ar píosa scríbhneoireachta a bheadh i purple passage...

Is geall le míthuiscint fhorleathan í gurb iad na purple passages ar na sleachta is fearr i scéal! Agus ní rabhas féin saor ón míthuiscint chéanna.

Ach nach bhfuil buanmhíthuiscint i gcoitinne ann leis na cianta anuas maidir le fiúntas saothair ealaíne? Bíonn cúirialtachta éagsúla i gceist; rogha amháin ag an gcriticeoir liteartha agus tharlaíonn sé go minic nach dtaitníonn a dhath de rogha an chriticeora leis an "ngnáthphobal".

Má chuireann La Jalousie le Alain Robbe-Grillet sceitimíní ar na criticeoirí liteartha do chuirfeadh an leabhar céanna an ruaig ar an ngnáthphobal. Agus a mhalairt ghlan a bheadh fíor le hAirí na bPótairí.

Má paistí ornáideacha iad na purple passages agus iad greamaithe den scéal gan aon fheidhm eile ag baint leo ach aird a tharraingt ar a n-áilleacht thaibhseach féin is minic go dtaitníonn amháin na píosaí seo leis an bpobal agus a thugann faoiseamh dó ón leamhthuirse agus ó leadrán an scéil!

Aistriúchán sách neodrach é "sliocht aibhsithe" mar sin; polasaí an neodrachais faoi dear é gan dabht. ;)

Ar an dtaobh eile de feictear dom go bhfuil feidhm lárnach ag cóiriú catha agus ruthag maidir le h-insint scéal.

Agus is é sin an difríocht, ceapaim.

(Message edited by ormondo on August 18, 2009)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.



©Daltaí na Gaeilge