(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, August 10, 2009 - 07:40 pm: |
|
An bhfuil na cinn seo i gceart, bheinn fíorbhuíoch: Curaclaim méanscoile: the secondary school curriculum. Seachas é sin: apart from that Out of touch: as teangmháil le Shocraíos gan leanúint ar aghaidh leis: I decided not to continue with it gearleanúint na Gúidaigh: the persecution of the Jews D'fhan an spéis liom: The interest stayed with me. Chronaíos X go mór: I missed X alot. Rud éigint a bhfuil spéis agam inti: something that I am interested in. Go raibh míle. |
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1119 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, August 10, 2009 - 10:41 pm: |
|
"Géarleanúint na nGiúdach" (tuiseal ginideach) - sin an t-aon dearmad amháin a bhraithim ann. Níl sa gcuid eile seo thíos ach caint agus caolchúis. "Éigint" - foirm chanúnach, ach glacaim leis gurb eol duit é. ("Éigin" a scríobhanns lucht leanúna an Chaighdeáin.) "Chronaíos" - tá cuma rud beag aisteach air seo: briathar arb iad na hUltaigh is mó a úsáideann, agus foirceann Muimhneach curtha agat air. Ní déarfainn go bhfuil sé mícheart ach tá sé éagoitianta... más cuma leat sin. (Dála an scéil, is "go géar" a bheinnse ag cronú rudaí nó á n-aireachtáil uaim, bíodh is nach bhfuil tada cearr le "go mór" ach oiread.) Focal firinscneach é "rud", mar sin bheadh spéis agam "ann" seachas "inti." Nó ab é go bhfuil an rud féin baininscneach? Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|