mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif

The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (July-August) » Archive through August 08, 2009 » Drochghaeilge « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8625
Registered: 08-2004

Posted on Thursday, August 06, 2009 - 04:02 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ggn
Member
Username: Ggn

Post Number: 91
Registered: 08-2008
Posted on Friday, August 07, 2009 - 07:10 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Cha dtuigim. Cad is ciall le 'Chetwynde Downs'.

An striapach grammadaí é nó caidé?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8627
Registered: 08-2004

Posted on Friday, August 07, 2009 - 07:26 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ar léigh tú an píosa?

Saghas sóp ó chomharchumann oscailte ab ea "Chetwynde Downs" a thosaigh i gclochaois an Idirlín, thiar sna 1990í. Ar chlár plé Chumasc, nach maireann.

Rinne Pádraig tarrtháil ar roinnt de.

Ach spreagadh an mhír úd de bharr argóint ar liosta Ghaeilge-B, a bhí cosúil le roinnt de na hargóintí a bhíonns ann anseo.

Tá Míshásta fós ag treabhadh leis, ag scríobh píosa ó am go chéile.

http://chetwyndedowns.blogspot.com/

Má tá aoinne eile den collective úd fós gníomhach, ní heol domhsa é.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ggn
Member
Username: Ggn

Post Number: 92
Registered: 08-2008
Posted on Friday, August 07, 2009 - 07:34 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tchím, silím.

Drochghaeilge abú a deirim!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Taidhgín
Member
Username: Taidhgín

Post Number: 438
Registered: 07-2006
Posted on Friday, August 07, 2009 - 09:54 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Go raibh maith agat, Aonghus, as an seoladh do scríbhinní Mhí-shásta a thabhairt. Bainim an-sult as i gcónaí agus níl mórán scríbhneoirí Gaeilge eile mar é atá in ann trácht ar shaol an lae inniu agus fíor-ghreann a chumadh.

Aimsíonn sé cuisle Gaeil na mbruachbhailte go feillbhinn i gcónaí agus is aoibhinn liom an magadh séimh a dhéanann sé faoinár "bhfoibles", mar a déarfaí sa Ghaeltacht. Ar ndóigh tá muintir na Gaeltachta chomh hoilte ar na foclóirí anois is gur dóichí go n-abróidis "ár lútáil bhaothánta" nó "ár ngalamaisíocht bhréige" [gall - maisíocht?] gan trácht ar "ár bhfriogaisí" chomh pras le dalta ar bith.

Tá súil agam go dtiocfaidh foilsitheoir chuig Mí-shásta le lab deas airgid chun go bhfaighidh sé cead na sleachta is fearr a chur i gcló i leabhar. D'fheilfidis go hiontach do leabhar ócáide a d'fhágfaí ar fhis ar an mboirdín caife sa phárlús d'fhonn iontas is éad a chur ar chuairteoirí is comharsana.

©Daltaí na Gaeilge