Mo léan géar cráite, a Unregistered Guest, is cosúil go mbeidh ort é a léamh sa teanga bhunaidh. Tá leagan drámatúil ar fáil ó RTÉ is dóigh liom agus cuideoidh sé sin go mór leat. Beidh sár-Ghaeilge agat má éiríonn leat é a léamh. Ní dóigh liom go bhfuil aicearra ann.
D'aistrigh Eoghan Ó Tuairisc cuid de na scéalta: "The Road to Bright City".
Tá sé ráite go ndearnadh aistriúchán ar Cré na Cille ach is le Fondúireacht Uí Chadhain an cóipcheart agus ní léir gur mian leosan aistriúchán Béarla a fhoilsiú. B'fhiú féachaint ar aistríodh go teangacha eile é.