Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8599 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, August 01, 2009 - 03:33 pm: |
|
Lár a chroí ina cheann, agus é ag seasamh ar aon chos amháin |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 468 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, August 01, 2009 - 04:25 pm: |
|
An lasairéan agus é ina chodladh? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8601 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 02, 2009 - 07:05 am: |
|
Ní hea. Ní ainmhí atá i gceist. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4422 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, August 02, 2009 - 10:39 am: |
|
Ní croí atá lán d'fhuil atá i gceist mar sin. Nóinín nó blath eile? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8604 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 02, 2009 - 11:33 am: |
|
Ní bláth atá i gceist, ach tá tú gar dó. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 471 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, August 02, 2009 - 01:11 pm: |
|
Planda éigin? An bhfuilimid ag teannadh leis? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8605 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 02, 2009 - 01:24 pm: |
|
Planda atá i gceist, cinnte. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 401 Registered: 10-2007
| Posted on Sunday, August 02, 2009 - 01:41 pm: |
|
Caidé ''ag teannadh'' a chairde? GRMA Gaeilge go deo!
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 472 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, August 02, 2009 - 01:42 pm: |
|
An caisearbhán? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 473 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, August 02, 2009 - 01:46 pm: |
|
Caidé ''ag teannadh'' a chairde? druidim (teann anall, isteach, liom; ag teannadh ar cheann scríbe) Ag teannadh leis an réiteach = Ag bogadh i dtreo an réitigh Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8606 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, August 02, 2009 - 02:12 pm: |
|
Ní bláth atá i gceist! Feidhmíonn an tomhas seo i dteangacha eile, freisin. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4423 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, August 03, 2009 - 10:45 am: |
|
Cabáiste. Dála an scéil, tá an bláth i bhfolach sa cheann sin, "in posse" ar aon nós. (Message edited by dennis on August 03, 2009) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8607 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, August 03, 2009 - 11:54 am: |
|
Agat. Is dócha go bhfuil. Níl cuimhin liom cabáiste faoi bhláth a fheiscint riamh, ach luíonn sé le réasún go bhfuil bláth ann chun pórú. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4424 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, August 03, 2009 - 06:00 pm: |
|
Freagraítear go minic é cé nach gcuireann sé ceisteanna. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8612 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, August 04, 2009 - 06:04 am: |
|
An píopaire póca? (Guthán?) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4425 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, August 04, 2009 - 10:54 am: |
|
Gan dabht. Sin ceann clasaiceach do na páistí, ach ní raibh aon rud níos fearr agam. Agatsa arís! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|