Author |
Message |
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 63 Registered: 02-2007
| Posted on Tuesday, July 21, 2009 - 03:55 pm: |
|
Goidé mar a deireann tú "Maybe he was a hero" nó "was he a hero of some sort" An slí is cruinn/foirfe atá uaim, ar ndóigh. Mo iarracht (in aisce b'fhéidir) ná: 1."B'fhéidir gur laoch a raibh ann" nó 1."An laoch a raibh ann?" (Dá mba rud é go bhfhreagraíonn tú ceist le ceist eile) An bhfuil an ceart agam? Duine 1: Cé hé Goll Mac Mórna? Duine 2: Dunno, b'fhéidir gur laoch a raibh ann? An tuigeann sibh? Ó go n-ithe an diabhal thú!
|
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 414 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, July 21, 2009 - 07:30 pm: |
|
Laoch a bhí ann. An laoch úd a raibh muid ag caint faoi (Tuiseal tabharthach den bhforainm coibhneasta) An laoch úd faoina raibh muid ag caint. (Tuiseal tabharthach) An laoch a raibh claíomh ina ghlaic aige. (Tuiseal ginideach) ach An laoch a bhí ag troid srl. (Tuiseal ainmneach) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3065 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, July 21, 2009 - 08:14 pm: |
|
quote:An slí is cruinn/foirfe atá uaim, ar ndóigh. An tslí is cruinne/foirfe... quote:Mo iarracht (in aisce b'fhéidir) ná: "Seo m'iarracht:" quote:1."B'fhéidir gur laoch a raibh ann" nó 1."An laoch a raibh ann?" (Dá mba rud é go bhfhreagraíonn tú ceist le ceist eile) B'fhéidir gur laoch é. B'fhéidir gur laoch a bhí ann. An laoch a bhí ann? Ar laoch é? quote:Duine 1: Cé hé Goll Mac Mórna? Duine 2: Dunno, b'fhéidir gur laoch a raibh ann? An tuigeann sibh? "Níl a fhios agam, b'fhéidir gur laoch é? /gur laoch a bhí ann?" "An dtuigeann sibh?" Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 64 Registered: 02-2007
| Posted on Wednesday, July 22, 2009 - 02:19 pm: |
|
Ambaiste, is beag drogall a bíonn ort Lughaidh. Molaim sin! Sound, libh araon. Ceist eile: Conas a deireann tú "something of the fuacht". Mar shampla Sharpness of the cold "géire an fuacht". Cad a déantar leis an focal "fuacht"? Agus cén t-ainm a chuirfí leis an athrú sin? (ar nós ginideach uatha/genitive singular msh) Agus cad a déantar le "inscríbhinn" sa chás ceannan céanna? (Message edited by ArdRi on July 22, 2009) (Message edited by ArdRi on July 22, 2009) Ó go n-ithe an diabhal thú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8539 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, July 22, 2009 - 02:48 pm: |
|
Hmm. "Géire na fuachta" a bheadh i'm intinn, ach deir an bhFoclóir beag go bhfuil fuacht firinscneach. Géire an fhuachta ach: inscríbhinn [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] rud atá scríofa isteach i leabhar nó greanta i leacht. Léire na hinscríbhinne Ginideach uatha, mara bhfuil dul amú iomlán orm |
|
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 65 Registered: 02-2007
| Posted on Wednesday, July 22, 2009 - 03:25 pm: |
|
Sonas mór ort, a hAonghus Freagra líonmhar, eolach eile. Ó go n-ithe an diabhal thú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8540 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, July 22, 2009 - 03:54 pm: |
|
"A Aonghuis" an tuiseal ghairmeach, a Ardrí! Ach fan le gíceanna na gramadaí chun freagra cruinn gradamúil, gramadúil a fháil. |
|
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 66 Registered: 02-2007
| Posted on Wednesday, July 22, 2009 - 04:29 pm: |
|
Dheineas cuardach google i dtosach, ach níor éirigh liom dul in araicis freagra ó thaobh an tuiseal ghairmeach! :p Agus do theip ar mo thomhaistín! Tuigim, go deimhin. Ó go n-ithe an diabhal thú!
|
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 415 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, July 22, 2009 - 05:49 pm: |
|
Níor mhaith liom a cheapadh gur gíc gramadaí mé ach ina dhiaidh sin féin tá rud suimiúil ar eolas agam! Faoin triú díoclaonadh! Rud nach eol do mhórán. Céard é fhéin, deir tú? Baineann sé le hainmfhocail a chríochnaíonn le ~acht nó ~ocht. Iad siúd nach bhfuil iontu ach siolla amháin bíonn siad firinscneach; ach má tá dhá shiolla nó breis iontu is baininscneach a bhíonn siad. acht, racht, fuacht, trácht, srl - firinscneach Gaeltacht, litríocht, filíocht, galamaisíocht, srl - baininscneach |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3066 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, July 22, 2009 - 06:00 pm: |
|
quote:Agus cén t-ainm a chuirfí leis an athrú sin? (ar nós ginideach uatha/genitive singular msh) Cuireadh "fuacht" sa ghinideach uathadh... quote:Agus cad a déantar le "inscríbhinn" sa chás ceannan céanna? Ní thuigeam an cheist... Ab é ginideach uathadh "inscríbhinn" atá tú a lorg? Más é, tá 'n ceart ag Aonghus : "na hinscríbhinne" atá ann. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 302 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, July 22, 2009 - 06:18 pm: |
|
quote:uathadh An bhfuaimnightear an focal sin mar /u:əhu:/ (seachas /u:əhə/) i nUltaibh? Agus an deirtear /ilru:/ nó /ulru:/ (Iolra nó Iolradh) mar a gcéadna? Séamus Ó Murċaḋa Inis fá réim i gcéin san Iarṫar tá Dá ngoirid luċt léiġinn Tír Éireann fialṁar cáil
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3069 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, July 22, 2009 - 08:13 pm: |
|
uathadh > /uəhu:/ in Ultaibh. iolradh > /uLRu:/ or /oLRu:/. I saw "iolraidh" in some books too, I think. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 303 Registered: 11-2005
| Posted on Wednesday, July 22, 2009 - 08:46 pm: |
|
Go raibh maith agat. Cás eile mar a ndoiléirigheann an litriughadh "nua" fuaimniughadh na cainnte beo. Fuaireas "iolraidh" (agus "uathaidh") uaireanta freisin. Is dóigh liom gurb é an fhoirm ghinideach den fhocal "iolradh" é ag feidhmiughadh mar aidiacht, m.sh. "Uimhir Iolraidh". Séamus Ó Murċaḋa Inis fá réim i gcéin san Iarṫar tá Dá ngoirid luċt léiġinn Tír Éireann fialṁar cáil
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3070 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, July 22, 2009 - 11:58 pm: |
|
Ach síleam féin go bhfacaidh mise "iolraidh" á úsáid mar fhoirm ainmneach... ach níl mé cinnte. Bhail, siomaí focal a caighdeánadh ar nós cuma leis agus nach bhfóireann anois ach do dh'fhuaimniú na gConnachtach : -a acu sin ach -aig ag na Muimhnigh agus -aí ag na hUltaigh... dá mbeifí cliste, leitreochaí -aidh sna focla sin agus bhíodh achan nduine sásta... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 418 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, July 23, 2009 - 06:33 pm: |
|
Maidir leis an gcaighdeánú -- nó an litriú nua ach go háirithe -- bhí an Stát ag iarraidh an teanga a úsáid i gcúrsaí inmheánacha na Státseirbhíse agus san oideachas agus theastaigh focail ghearra ó na Béarlóirí. Dá bhféadfaí litir amháin a chur in áit ceithre cinn do b'amhlaidh ab fhearr é so "scuab na caillighe" became "scuab na caillí" and "litriúghadh" became "litriú" and so on. According to the rules "ríomhphost" could become "ríofost". quote:dá mbeifí cliste ... Níl Gaeilgeoir beo nach cás leis imeacht an tsean-litriú ach bhí trí chéad bliain imithe ó saothraíodh é agus níorbh fhéidir le hiarrachtaí de Hindeberg ná Ó Duinnín é a tharrtháil. A bhfuil déanta tá sé déanta agus caithfimid an leas is fearr a bhaint as agus gan a bheith ag breathnú siar. Cé a scríobhfaidh an chéad seoid litríochta eile de dhán, de dhráma nó d'urscéal sa leagan nua den teanga ársa seo is ansa linn, an Ghaeilge? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 3071 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, July 23, 2009 - 07:07 pm: |
|
quote:Maidir leis an gcaighdeánú -- nó an litriú nua ach go háirithe -- bhí an Stát ag iarraidh an teanga a úsáid i gcúrsaí inmheánacha na Státseirbhíse agus san oideachas agus theastaigh focail ghearra ó na Béarlóirí. Dá bhféadfaí litir amháin a chur in áit ceithre cinn do b'amhlaidh ab fhearr é so "scuab na caillighe" became "scuab na caillí" and "litriúghadh" became "litriú" and so on. According to the rules "ríomhphost" could become "ríofost". 1. is féidir /ˈriːufost/ a dh'fhuaimniú... mar sin níor cheart "ríomhphost" a scríobh. Siad mhth agus bhth a dtearnadh -f- daofa, go bhfios domh (dála an scéil d'éirigh an leitriú níos casta dá dheasca sin, siocair go rabh sin rialta roimhe, agus cuireadh eisceacht isteach ins an leitriú: cé acu is fearr, bheith níos rialta nó bheith níos giorra? B'fhearr leis na foghlaimeoirí leitriú níos rialta a dh'fhoghlaim gan amhras!). 2. Ní bheadh duifear ar bith san fhuaimniú inniu eadar caillighe agus caillí, agus eadar litriughadh agus litriú. Ach bheadh duifir eadar teanga agus teangaidh, i Mumhan agus in Ultaibh... Agus cad chuighe a scríobhtar teanga in áit teangaidh, ach íosfaidh (nach "íosfa"), ceannaigh (nach "ceanna"), srl? Má roghnaíthear fuaimniú Chonamara, caithfear "íosfa" agus "ceanna" a scríobh fosta... Tuighe ar coinneadh -idh i bhfocla áiríd agus chan i bhfocla eile??? quote:A bhfuil déanta tá sé déanta agus caithfimid an leas is fearr a bhaint as agus gan a bheith ag breathnú siar. Tá cead rudaí a dh'athrú nuair a rinneadh go mícheart iad. Is iomaí teangaidh a dtearnadh "orthography reform" orthaí... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
James_murphy
Member Username: James_murphy
Post Number: 304 Registered: 11-2005
| Posted on Friday, July 24, 2009 - 03:14 pm: |
|
quote:theastaigh focail ghearra ó na Béarlóirí Teastuigheann deireadh a chur le hathruighthe tosaigh ó roinnt acu anois freisin, an ndéanfar sin dóibh? Ná fuil Gaedhilgeoirí bréan d'iarrachtaí an teanga a athchóiriughadh as ucht Béarlóirí ná fuil meas a dhóthain acu ar an dteangain chun glacadh léi mar atá sí? quote:Níl Gaeilgeoir beo nach cás leis imeacht an tsean-litriú ach bhí trí chéad bliain imithe ó saothraíodh é agus níorbh fhéidir le hiarrachtaí de Hindeberg ná Ó Duinnín é a tharrtháil. Nílim á rádh gur chóir litriughadh na Gaedhilge a chaomhnughadh gan athrughadh ar bith. Bhí fáthanna ann roinnt mhaith athruighthe a dhéanamh ar son na simplidheachta, m.sh. "-amhail", "-ughadh" (go "-ugh" b'fhéidir: "brostuigh" > "brostugh" ar aon dul le "cuir" > "cur") srl. Ach chuathas i bhfad ró-fhada leis agus claoidheadh ró-dhaingean leis na riaghlacha a ceapadh. Cad é an tairbhe don teangain focal annamh mar "sídh" a litriughadh mar "sí". Cá mhéid dubhaigh a sábháladh? Ní dheineadar ach comhaimn nuadh a chruthughadh agus éagsamhlacht an fhocail ársa shuimeamhail sin (ar a bhfuil aithne ag a lán Béarlóirí fiú ó shídhscéalta Éireannacha a foillsigheadh i Sacsbhéarla) a mhilleadh. quote:bheith níos rialta nó bheith níos giorra? Níos riaghalta gan amhras ar bith. Is grádh leis an aigne dhaonna patrún, riaghaltacht agus ordughadh agus is ceann de na caoidheanna is tábhachtaighe dá n-úsáideann an aigne chun adhbhar casta a fhoghlaim ná patrúin a athaint ann. Tóg, mar shompla, "caoidheanna" thuas. Is sia é ná "caíanna" gan amhras ach is míle níos riaghalta agus níos loighiceamhla "caoi > caoidheanna" ná "caoi > caíanna". Cad chuige an "dh"? Sa litriughadh traidisiúnta bhí córas na ngutaí i bhfad níos simplidhe. Tar éis na cúig gutaí singile bhí méad áirithe dé-ghraif agus annsoin roinnt trí-ghraif ná raibh ionnta ach na dé-ghraif agus "i". Bhaintí feidhm as "dh" chun comhcheangail amscaidhe neamh-chuanna a sheachaint. Ach anois tá leithéidí na bhfocal "cloíodh" agus "snúúil" (le chois athruighthe gan ciall mar "aoi" > "aí") go flúirseach. Ní thuigfead choidhche an t-aonsmaoineamh [obsession] so a bhí ag ceapadóirí an litrighthe nuaidh le gach focal a bheith chomh gearr agus b'fhéidir. Níos tábhachtaighe leo ná gach uile aird eile. quote:A bhfuil déanta tá sé déanta agus caithfimid an leas is fearr a bhaint as agus gan a bheith ag breathnú siar. Níor chualas riamh argóint is fearr ar son an litruighthe nuaidh ná a leithéid seo agus ní dóigh liom-sa go bhfuil sé maith go leor. Séamus Ó Murċaḋa Inis fá réim i gcéin san Iarṫar tá Dá ngoirid luċt léiġinn Tír Éireann fialṁar cáil
|
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 67 Registered: 08-2008
| Posted on Friday, July 24, 2009 - 03:29 pm: |
|
"Agus cad chuighe a scríobhtar teanga in áit teangaidh, Tuighe ar coinneadh -idh i bhfocla áiríd agus chan i bhfocla eile??? Dhá chás iontach difriúil, is é teanga an bunfhocal. Baintear úsáid as teangaidh i gcanúintí ach níl sé claisiceach, an tuiseal tabharthach atá ann. Is cuimhin liom duine de sheanbhunadh Rann na Feirste ag rá liom gurbh 'meancógaí' focail ar nós 'leapaidh'. Chan ionann an -idh sin agus an -idh sin ag deireadh braithre, nach deirtear in Ultaibh cibé ar bith ach amhain i gceist agus i bhfreagair. |
|