Beidh mé i gCathair na Putóige ón Máirt go dtí maidin Aoine. Más buan mo chuimhne tá tusa áit éigin sa cheantar sin, nach bhfuil? Aon seans buaileadh le chéile?
Darmstadt, an ea? Gut City ab ea an leasainm a bhí agam uirthi tráth dá raibh agus mé sa chathair sin go minic. Chuirfeadh sé an-áthas orm buaileadh leat. Cuirfidh mé ríomhphost chugat amárach nó ar an Satharn tar éis dom dul i muinín le mo dhialann san oifig. Tá a fhios agam go mbeidh mé i mBerlín ar an Luan ach ní dóigh liom go bhfuil mórán coinní eile ar na bacáin.