Seo breis:
http://www.acmhainn.ie/tearmai/seimhiu.htm 1: Séimhiú
Nuair a bhíonn an chéad ainmfhocal á cháiliú ag an dara ceann mar a bheadh aidiacht ann, séimhítear an dara hainmfhocal, mar a léiríonn na haicmí thíos:
(c) Brí chomhaisnéise
Le comhaisnéis (is é sin, nuair a chuirtear dhá ainmfhocal éiginnte – seachas i gcás daoine* - taobh le chéile agus go sainmhíníonn an chéad cheann acu an dara ceann), bíonn an dara ceann sa tuiseal ginideach agus séimhítear é:
stail chapaill, púróg chloiche, pusaireacht ghoil, cabaireacht chainte, cleithireacht mhagaidh
*(féach 2 (v) thíos)