Author |
Message |
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 267 Registered: 08-2008
| Posted on Sunday, June 14, 2009 - 10:08 pm: |
|
As fhiosracht (cad é mar eile?) bhí mé ar lorg den chiall an ainm (von) Brighoff tráthnóna aréir. Fuair mé comhrá spéisiúil den t-am atá thart, faoin ábhar "Finns are Tamils". Bhí mé ag gáire faoi H.H. Ní raibh ach aon nó dhá fhocal amháin aithnidiúil liom ar a liosta focal Fhionlainnis. B'fheidir go bhfuil siad Próta-Fionlainnis (?) ach ní d'aithin mé na focail eile. Níl a fhios agam le Tamil. Ceapaim nach raibh H.H. ach ag troll. Ní fuair mé an chiall do sloinne, a Dhomhnaillín, nó conas tiontaítear é chun na dTruslóg. Cad é atá an chiall ó Breac? Táim dá fiafrai freisin. Tine, siúil liom!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8435 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 15, 2009 - 02:40 am: |
|
truslóg [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] hap, coiscéim fhada. breac [aidiacht den chéad díochlaonadh] lán de spotaí; dubh (tá an áit breac le daoine); leathmheasartha (aimsir, sláinte, bhreac). |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 268 Registered: 08-2008
| Posted on Monday, June 15, 2009 - 05:48 am: |
|
GRMA, a Aonghuis - I mo leathchodladh d'fheall mé gach seift a caitheamh. Tine, siúil liom!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8436 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 15, 2009 - 06:48 am: |
|
quote:d'fheall mé gach seift a caitheamh. Ní thuigim! Anois tuigim roinnt - ní raibh an chiall sin ar feall agam! fealladh [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach] feall a dhéanamh (ar); teip, cliseadh (d'fheall air é a dhéanamh). Ní raibh ach an chiall forleathan agam: feall [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] beart gránna; éagóir cúis náire (is mór an feall é). Maidir le seift a chaitheamh, táim fós dall. Seo mar a bheadh sé scríofa agamsa Agus mé leath i mo chodladh, theip orm gach seift a thriail. triail [ainm briathartha][ainmfhocal baininscneach] tástáil (triail an deoch seo; sin é an áit a raibh an triail orthu); iarracht a dhéanamh ar (thriail sé éirí); cur faoi éisteacht cúirte (cás a thriail). |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 607 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, June 15, 2009 - 11:33 am: |
|
B'fheidir go bhfuil siad Próta-Fionlainnis (?) ach ní d'aithin mé na focail eile. Tá an-dealramh ag an "bPróta-Fhionlainnis" (nó, níos beaichte, an Phróta-Fhionn-Úgrais) leis an Fhionlainnis den lá atá inniu ann; tabhair spléachadh anseo : http://en.wikipedia.org/wiki/Finno-Ugric_languages#Common_vocabulary. Ní fuair mé an chiall do sloinne, a Dhomhnaillín, nó conas tiontaítear é chun na dTruslóg. Níl aon cheangal idir mo shloinne is m'ailias san fhóram seo. Foirm Íochtar-Ghearmánach de "Brücke" is ea brig/ brüg, mar sin is ionann an bhrí atá leis agus an chuid atá leis an tsloinne Fionlannach "Siltahovi". Caithfidh go raibh feirm a bhí in aice le droichead éigin ag sinsear athartha i bhfad siar liom. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8441 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 15, 2009 - 12:45 pm: |
|
Domhnaillín Baile an Droichid! Dála an scéal, an do'd fholt a thagraíonn an breac? Táimse ag éirí breacliath freisin! |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 609 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, June 15, 2009 - 01:36 pm: |
|
Is ró-mhaorga an téarma "baile" é, a Aonghuis! Ná bac leis an "von", tá an uile chosúlacht nach raibh ach clóisín feirme a bhí i gceist. Fuaireas an chéad ribe bán i m'fhéasóg cúpla seachtain ó shin, ach go dtí seo is é an cheann amháin é! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8442 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 15, 2009 - 01:39 pm: |
|
Tá ciall leathan ag baile. Homestead ceann acu - is ionann sin agus Hof[f]. http://www.logainm.ie/?menuItem=about&contentTitle=help.elements (Message edited by aonghus on June 15, 2009) |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 269 Registered: 08-2008
| Posted on Monday, June 15, 2009 - 02:33 pm: |
|
Hmmm... Speckled (freckled?) Little Donald of Long Stride? Go díreach ar bith? An bhfuil cheangal idir breac agus breicneach? Tine, siúil liom!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8443 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, June 15, 2009 - 03:37 pm: |
|
Cheapfainn é, ach is Domhnaillín Breac atá ann, ní Domhnaillín Breicneach! Tá ciall níos leithne ag breac ná spotaí amháin. |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 270 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, June 16, 2009 - 10:31 am: |
|
Sílim nach bhfuil "trout" i gceist... An bhfuil breac ina aidiacht, ginideach iolra? An baineann sé le na dTruslóg, atá ina ginideach iolra freisin, nó le Domhnaillín? Tine, siúil liom!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8449 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 16, 2009 - 10:58 am: |
|
breac [aidiacht den chéad díochlaonadh] lán de spotaí; dubh (tá an áit breac le daoine); leathmheasartha (aimsir, sláinte, bhreac). Ainmneach uatha, sílim. Ach is ag Domhnaillín is fearr a bheadh fhios! |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 610 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, June 16, 2009 - 11:59 am: |
|
A leithéid d'fhiosracht agus an ainm gan Googláilte ag éinne? Tá an freagra amuigh ansan! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8450 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 16, 2009 - 12:27 pm: |
|
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 611 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, June 16, 2009 - 01:38 pm: |
|
Sea, táim dímhasctha agat fé dheireadh! Is mór an trua ná fuil aon "Aonghuisín" sa liosta san, a Bhricín Beatha! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8452 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, June 16, 2009 - 03:11 pm: |
|
Bhuel, tá Aonghus Óg luaite leis na héin! http://en.wikipedia.org/wiki/Aengus Focal breá is ea muckefuck dála an scéil (ach deoch uafásach!) |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 271 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, June 16, 2009 - 05:47 pm: |
|
Magpie - harakka. Dóbair go bhuail sé an hifreann asam... B) Theip orm ar an taobh amuigh an bosca a smaoineamh. Rinne mé iarracht ar an ainm ina píosaí a anailísiú. Gabh mo leithscéal faoi na Béarlachais. B) Tine, siúil liom!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8454 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 17, 2009 - 04:09 am: |
|
Theip ormsa smaoineamh taobh amuigh den bosca freisin, agus ach go háirithe gan triail a bhaint as CADL (Cuardaigh an diabhal líonra - STFW!) Is fearr roinnt sintéis uaireanta! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8455 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 17, 2009 - 04:10 am: |
|
PS: Scríobh Domhnaillín a Bhricín Beatha Is eagal liom nach bhfuil ionam ach Gealbhan Gleoránach! |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 615 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, June 17, 2009 - 12:55 pm: |
|
B'fhéidir go mbeadh sé níos fearr--b'fhéidir go mbeadh tú i t'Fhinnín Feoir! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8461 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, June 17, 2009 - 04:57 pm: |
|
Hmm. Tá an Béarla na nÉan seo baolach, is baolach. Fágaimís é, nó beidh muid uilig snagtha.
snag [ainmfhocal firinscneach den tríú díochlaonadh] cnead; tocht ochláin sa ghuth; fail; sámhnas (snag i gcomhrá). snag breac (éan glórach dubh is bán de chineál an phréacháin (Tá cáil air as an nós atá aige earraí gléineacha a bhailiú)). snag darach (éan fiáin agus gob géar láidir air lena ndéanann sé poill i gcoirt crainn chun teacht ar fheithidí). |
|