Author |
Message |
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2959 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, May 29, 2009 - 08:42 pm: |
|
Hi I'm after seeing that the 4 books of the series "An Teanga Bheo" are available again : http://www.litriocht.com/shop/index.php?cPath=52_101&&page=1 http://www.litriocht.com/shop/index.php?cPath=52_101&&page=2 They are must-haves for those who are interested in Gaeltacht Irish. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 35 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 12:07 pm: |
|
Mór an trua nach bhfuil ceann acu déanta do ghach póca Gaeltachta a bhfuil fágtha againn. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 368 Registered: 10-2007
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 12:26 pm: |
|
Bhal, tá na leabharthach ann fán Thír Chonaill, Chonamara, Chorca Dhuibhne agus Oileán Chléire. Ba mhaith liom cóipeannaí le fáilt fán Ghaeilg Inis Oírr, Inis Meáin agus áiteacha mar sin. Tá achan chionn agam seachas Conamara, tá mé a'dhul é a cheannacht ach is beag nár rinn mé dearmad air siocair go raibh's agam go bhfuil siad ann le fáilt aríst cúpla lá ó shoin chuir Lughaidh i gcuimhne domh. Gaeilge go deo!
|
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 36 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 12:33 pm: |
|
Creidim go bhfuil / raibh cinn eile déanta ach druideadh an ITÉ sular foilsíodh iad. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 369 Registered: 10-2007
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 12:38 pm: |
|
Dé an chanúint? Gaeilge go deo!
|
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 37 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 12:39 pm: |
|
Níor mhaith liom barraíocht a rá ar líne. Gabh mo leithscéal. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 370 Registered: 10-2007
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 12:42 pm: |
|
Caidé faoin spéir a rachaidh ort i ndiaidh duit ag inse dúinn? :-) Ach tuigim, ceart go leor. Gaeilge go deo!
|
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 38 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 12:47 pm: |
|
Bheadh brú ar dhaoine, bheadh siad ag fáil rphostanna agus srl. Tá daoine ag obair ar chanúintí nach maireann fosta, 'An Teanga Mharbh?'. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 371 Registered: 10-2007
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 01:17 pm: |
|
Cha bheadh suim ag foghlaimeoirí ar chanúintí marbha ach teangeolannaí amháin nó daoiní a bhfuil suim acu ar cúrsaí canúintí ins an teangaidh. Gaeilge go deo!
|
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 39 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 02:20 pm: |
|
Ní aontaím. Tá an teanga a labhairt go láidir in áiteanna sa tír ina bhfuil an chanúint áitiúil marbh. Bíonn dúil ag daoine sa chineál caint a bhí ag, abair seanathair s'acu. Is coitianta spéis sna canúintí áitiúla in Ultaibh is dócha. |
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 40 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 02:31 pm: |
|
Ní bheadh spéis i gcanúint nach bhfuil beo ag duine, abraimis i Méiriceá, dar ndóigh, ach amháin más paróiste dúchais a muintir féin dar ndóigh. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 372 Registered: 10-2007
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 02:51 pm: |
|
quote:Tá an teanga a labhairt go láidir in áiteanna sa tír ina bhfuil an chanúint áitiúil marbh. Bíonn dúil ag daoine sa chineál caint a bhí ag, abair seanathair s'acu. Seans go mbeadh daoiní ag foghlaim Gaeilg Chaighdeánach ar dhóigh amháin nó ar dhóigh eile. Gaeilge go deo!
|
|
Ggn
Member Username: Ggn
Post Number: 41 Registered: 08-2008
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 02:55 pm: |
|
Bíonn daoine ag meascadh. Bheadh daoine ag iarraidh cur lena gcuid Gaeilge ach ní dóigh liom go mbeadh daoine ag iarraidh canúint marbh a athbheochanadh amach is amach de bhrí go mbeadh deacrachtaí tuigbheála ann corr-uair. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 336 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 05:07 pm: |
|
Ba bhreá liomsa an chanúint a bhíodh á labhairt sa dúiche inar tógadh mo sheantuistí a fhoghlaim. Fiú muna bhfuil cainteoirí ná cluastaifead ar chaint na gcainteoirí deiridh ar fáil tá cur síos scríofa déanta air agus é arna fhoilsiú agus bheadh scoláirí in ann beocht a chur sna seanscéalta arís. D'fhéadfaidis iad a léamh go rithimchruinn de réir foghraíocht na canúna atá breactha ar phár san IPA agus taifead digiteach nua a dhéanamh díobh sa chaoi is go bhféadfaimis go léir blaiseadh díobh athuair. Don té a bhfuil an CO ar eolas go maith aige ní bheadh le foghlaim ach an fhoghraíocht, cuid bheag focal nua, agus go leor leaganacha cainte a bheadh taitneamhach le húsáid sa ghnáthchaint anois is arís. Cá bhfios nach dtiocfaidh drámadóir cumasach Gaeilge ar an bhfód amach anseo a chuirfeadh canúint mar sin i mbéal duine de na carachtair. Táim cinnte go bhféadfaí sniogadh a dhéanamh ar na nathanna Gaeilge atá beo go fóill i mBéarla na ndaoine sna ceantair sin agus logainmneacha agus ainmneacha páirceanna agus araile a bhailiú, a scrúdú, agus a fhoilsiú. Níor mhiste liom dá ndéanfaí rud leis an taifead atá ann den chainteoir deireanach ar Oileán Mhanann Ned Madrell. Ní thig liom córas litrithe Gaeilge Mhanann a thuiscint agus ba bhreá liom dá ndéanfadh scoláire tras-scríbhinn i nGaeilge na hÉireann nó i nGaidhlig na hAlban mar áis do mo leithéidse chun go bhféadfainn an chaint ar an CD a léanúint. Is gnách go dtugtar aistriúchán i mBéarla ar a leithéid ach ní cabhair ar bith é sin don té ar mhaith leis scrúdú a dhéanamh ar an téacs bunaidh. I've just realised this is the Irish & English section so if anyone wants to take on the task of translating some sentences from the above meanderings I'll be pleased to help if help is required. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 373 Registered: 10-2007
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 05:38 pm: |
|
quote:tá na leabharthach ann fán Thír Chonaill, Chonamara Oops meancóg a bhí ann. D'úsáid mé an genitive plural. Leabharthaí a bhí i gceist agam. Gml Gaeilge go deo!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2961 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, May 30, 2009 - 07:18 pm: |
|
Trigger > Tá cupla nóta fá Ghaeilg na n-oileán Árann le fáilt in 'An Teanga Bheo : Gaeilge Chonamara'. Síleam go bhfuil leabhar (i nGearmáinis...) fá chanúintí na n-oileán sin fosta. Die araner Mundart - síleam go dtig leat é a íoslódáil ó Wikisource, saor in ascaidh. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8354 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 31, 2009 - 08:01 am: |
|
http://de.wikisource.org/wiki/Die_araner_mundart Die araner mundart. Ein beitrag zur erforschung des westirischen von Franz Nikolaus Finck. Erster band. Grammatik. Marburg. N. G. Elwert’sche Verlagsbuchhandlung. 1899.! |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2963 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, May 31, 2009 - 01:43 pm: |
|
Grma a Aonghuis. Nach aisteach an dóigh a scríobhann an t-údar an fuaimniú ins an leabhar sin... Munach an t-aistriúchán i nGearmáinis (nach dtuigeam i gcónaí!) bheadh sé deacair na focla a dh'aithneachtáil... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8355 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 31, 2009 - 01:58 pm: |
|
Níl fhios agam! Bhí sé ró theangeolaíoch dom! An raibh an IPA forbartha in 1899? Feictear dom go bhfuil córás dá chuid fhéin in úsáid aige Sampla: āŕĭm „erzähle“, bāĭm „ertränke, mache nass“, bākālĭm „backe“, bǡrĭm „schere, rasiere“ quote:Da die auf den Araninseln gesprochene mundart durch die übliche irische schreibung nur in höchst unvollkommener weise wiedergegeben werden kann, so wird in diesem buche statt oder neben der gebräuchlichen orthographie eine durch kursiven druck gekennzeichnete, im wesentlichen phonetische umschrift angewandt werden. De bharr nach bhfuil an gnáth scríobh gaelach in inmhe foghraíocht Árainn a chuir in iúl.... |
|
Lars
Member Username: Lars
Post Number: 343 Registered: 08-2005
| Posted on Sunday, May 31, 2009 - 04:54 pm: |
|
quote:An raibh an IPA forbartha in 1899? Bhí: History of IPA But early versions of IPA didn't correspond with Irish sounds very much (e.g. 3 different /l/ and /n/ sounds in Arainn dialect. Three different /l/ sounds first appeared in 1900's IPA.) Finck's system was better. And he explained every sound quiet well. Lars (Message edited by lars on May 31, 2009) |
|