Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 420 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, May 28, 2009 - 03:50 pm: |
|
Cothrom na bhfocal Dúradh i "Scríbhneoirí Faoi Chaibidil" gur mhór an meas a bhí ag Brian Ó Nualláin (Myles na Gopaleen) ar ghontacht an fhriotail (concision of expression) a cleachtadh sa tseanGhaeilge fadó. Agus b'éigean dom féin smaoineamh ar "ghontacht an fhriotail" nur a tháinig mé ar an sampla seo a leanas in FGB: "cothramacan sine na haimsire = tendency of good and bad spells of weather to offset each other over a period" - ceithre fhocal ar an taobh amháin agus cúig fhocal déag(!) ar an taobh eile. An sórt curiarrachta (record) an sampla úd nó an féidir é a shárú? (Message edited by ormondo on May 28, 2009) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|