Ansacht
Member Username: Ansacht
Post Number: 2 Registered: 02-2007
| Posted on Wednesday, May 13, 2009 - 09:33 am: |
|
A chairde Ghael!! Tá mé ag lorg eolas ar an bhFiannaíocht ach go hairithe na Laoithe fianníochta. Tá mé ag iarraidh míníu simplí ar cad go díreach ata i gceist le 'agallamh an seanórach'an 'Seanchas' agus an 'dianseanchas'(ní fheadar an bhfuil an litriú sin i gceart!!) bheinn fíor bhíodh ás cabhair ar bith!! GRMA!!! |
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 40 Registered: 02-2007
| Posted on Wednesday, May 13, 2009 - 10:19 am: |
|
Cad é an fadhb, a chara? An bhfuil scéalta na leabhair thuasluaite ar lorg agat nó sainmhíniú ar na focail? Is ionann "Acallam na Senórach" le na scéalta a bhí ag ár shliocht, an tuigeann tú? Sé an Béarla ná Tales of Our Elders. Is cnuasach seanscéalta sa Mheán-Ghaeilge é, in a measc tá achoimre ar an Cath Gabhra. (An cath clúiteach ar a tharla comhrac idir Clann Mórna agus Clann Baoiscne. Deireadh na Féinne, ar ndóigh.) Is ionann Seanchas agus "Lore". Mar shampla, "Seanchas Na Féinne" scríobhte ag Niall Ó Dónaill (An leabhar is fearr a bhaineann leis na Féinne sa Nua-Ghaeilge, shílim)= Lore of the Fenians. Tá an leabhar sin thar barr! Agus cad atá i gceist leis an Dinsenchas? Tá sé bunaithe sa nós céanna den "Acallam.." déanta sa seal céanna,agus sa Mheán-Ghaeilge. Coinníonn sé scéalta áirithe a insíonn dúinn conas agus cad chuige a fuair áiteanna éagsúla in hÉirinn a ainmneacha. It is a collection of stories detailing the origin of various placenames on the island. Baineann Tomás Ó Criomhthain feidhm as an focal seo sa leabhar "Dinnseanchas na mBlascaodaí" ina n-aithrisítear dúinn fé foinse logainmneacha atá le fáil ar an Inis. Orddan ocus tocad duit!
|
Mickrua
Member Username: Mickrua
Post Number: 135 Registered: 07-2005
| Posted on Friday, May 15, 2009 - 03:19 pm: |
|
Tá rogha maith leabhair ag siopa leabhar kennys suite amuigh i Lios Bán i nGaillimh. Is féidir leat féachaint ar suíomh www.kennys.ie nó fiosrúchán ag Cheannaigh mé an leabhar le gairid ansin An Rúraíocht a scríobh Cormac ó Cadhlaigh agus a foilsíodh sa bhliain 1956.Tá a lán leabhair Gaeilge acu sa chló-Gaelach ag dul siar timpeall céad bliain. B'fhéidir gur fiú dul thríd books.google.com agus na nascanna a leanúint go dtí an sórt ábhar atá tú a thoraíocht. (Message edited by mickrua on May 15, 2009) (Message edited by mickrua on May 15, 2009) (Message edited by mickrua on May 15, 2009) |