Author |
Message |
Guevara
Member Username: Guevara
Post Number: 28 Registered: 04-2007
| Posted on Tuesday, May 12, 2009 - 08:24 am: |
|
Chuir sé ionadh agus fearg orm nuair a léigh mé sa nuachtán Foinse go bhfuil cruinnithe Sinn Féin i nGaeltacht Dhún na nGall i mBéarla. Dúirt Piaras Ó Dochartaigh go bhfuil sé sin ceart go leor mar bhí forógra 1916 ráite ag an bPiarsach i mBéarla!! Agus tá litir ag Donncha Ó hÉallaithe i bhFoinse na seachtaine seo a rá nach raibh Padraig MacPiarais ag eagrú cruinnithe i mBéarla sa Ghaeltacht agus é an ar bhfód. Fimínteacht den chéad scoth ó Shinn Féin agus iad ag iarraidh Acht Teanga don Tuaisceart ach ag an am céanna neamhaird don Ghaeilge sa Ghaeltacht!!!Agus formhór na preaseisiúintí go dtí na méain(Raidio na Gaeltachta ina measc)ó iarrthóirí Comhairle Contae Dhún na nGall is i mBéarla atá siad agis go deimhin bileoga eolais i mBéarla fresin agus Daithí Alcorn, Grainne NicGéidigh ionadaí toga go Udarás na Gaeltachta. Dochreidte nach bhfuil?? |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 322 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, May 12, 2009 - 08:41 am: |
|
Sách dona go deimhin. Caithfidh siad athrú nó níl seasamh ar bith acu, d'ainneoin a gcuid postaer a bheith i nGaeilg. Is géilleadh ar fad é cruinniú Béarla a reachtáil in áit ar bith sa nGaeltacht. Is ag déanamh leathcheal ar an gcainteoir Gaeilge ina theach féin atá an cleachtas san. Tá sé sách dona go mbíonn ar mhuintir na Gaeilge a gcearta a ghéilleadh in iar-Ghaeltacht na hÉireann (.i. an Ghalltacht) gan an cleachtas céanna a bhrú isteach sa nGaeltacht. Nuair is ionann iompar teangan sa dá chuid sin de tír, Gaeltacht is Galltacht, is ionann sain is a rá nach maireann a thuilleadh an ceantar a dtugtar 'Ghaeltacht' air. Tá deireadh leis. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8265 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 12, 2009 - 08:46 am: |
|
Sách dona. Ach dochreidte? Níl. Mar seo atá sé le fada. Rinne Rónán Mac Aodha Bhuí gar dúinn uilig as brú a chuir orthu, aimsir toghcháin. Caithfear an tabú Gaeilge a labhairt i láthair an Bhéarlóra a réabadh; smidiriní a dhéanamh de. Ach ní bheidh sé éasca. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 323 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, May 12, 2009 - 11:24 am: |
|
An ceart ar fad agat, sin é croílár na ceiste, an cleachtas san, an comhrá Gaeilge a choinneáil ar siúl i láthair an Bhéarlóra. Thugas suntas do dhá eachtra ar leith den chineál sain in ar coinníodh an Ghaeilg ar siúl i lúib chruinnithe, san iar-Ghaeltacht, nuair a tháinig Béarlóir isteach. D'fhreagraíos féin ceist nó dhó de mo leataobh nuair nach raibh an duine isteach cinnte faoin méid a dúradh. Daoine a tógadh le Gaeilg san iar-Ghaeltacht an bheirt a bhí i mbun an dá chruinniú. Níor chuir éinne de na Béarlóirí isteach i gcoinne an chleachtais. Fíorfíorbheagán Gaeilge a bhí ag duine amháin díobh. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2885 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, May 12, 2009 - 01:04 pm: |
|
Is dóigh liom féin gur i mBéarla a ghéanfaidh siad a' cruinniú siocair nach bhfuil siad ábalta é a dhéanamh i nGaeilg, chan siocair nach maith leofa an teangaidh... Ach seo an cheist: tuighe a dtéanann siad cruinniú sa Ghaeltacht? Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 351 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, May 12, 2009 - 07:26 pm: |
|
Siocair nach raibh siad ábalta Gaeilge a úsáid sa chruinniú. Gaeilge go deo!
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 384 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, May 13, 2009 - 12:26 pm: |
|
Chuir sé ionadh agus fearg orm nuair a léigh mé sa nuachtán Foinse go bhfuil cruinnithe Sinn Féin i nGaeltacht Dhún na nGall i mBéarla. Ba chóir go gcuirfidh an cúl tuathail seo an méid sin aiféaltais ar na daoine atá freagrach as nach ndéanfaidis a leithéid arís. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|