Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8257 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 10, 2009 - 04:10 pm: |
|
Rinneadh tagairt de seo ar na mallaibh. Seo an sliocht ó na Bráithre: 13.29 Iolra an fhorainmnigh a úsáidtear go minic ag caint le heaglaiseach. Iolra an ómóis a thugtar air: Dia daoibh, a athair; conas tá sibh, a athair? fanaigí anseo, más é bhur dtoil é, a shagairt. Ní tugtar cúis leis. |
Lars
Member Username: Lars
Post Number: 331 Registered: 08-2005
| Posted on Sunday, May 10, 2009 - 10:14 pm: |
|
Some examples of "iolra an ómóis" by Ulster authors (source: Tobair na Gaedhilge) Séamus 'ac Grianna: Mo Dhá Róisín 4 - 4 as 14: abairt 414, ag toiseacht ar lch 23, líne 12 'Gcluin sibh sin, a shagairt?” Séamus 'ac Grianna: Mo Dhá Róisín 7 - 7 as 14: abairt 737, ag toiseacht ar lch 39, líne 1 'Né sin an rud a dubhairt sibh, a shagairt? Séamus 'ac Grianna: Mo Dhá Róisín 8 - 8 as 14: abairt 747, ag toiseacht ar lch 39, líne 14 Agus deir sibh go bhfuil sé cliste, a shagairt?” Séamus 'ac Grianna: Micheál Ruadh 15 - 15 as 17: abairt 646, ag toiseacht ar lch 32, líne 3 Agus anois nanach síleann sibh-se a Shagairt, go mb'fheárr gan an t-olc a dheánamh 'ná bheith ag iarraidh bheith dá léigheas le h-urnaighe?’ Séamus 'ac Grianna: Cioth is Dealán 5 - 5 as 15: abairt 446, ag toiseacht ar lch 20, líne 1 “A Shagairt Mhóir, agraim sibh a ghabhail agus comhairle a chur air.” Séamus 'ac Grianna: Rann na Feirste 14 - 14 as 34: abairt 2647, ag toiseacht ar lch 122, líne 31 “Anois, a shagairt,” arsa Ned, “sul a dtoisighidh sibh á mo bhualadh, éistidh le cúpla focal cainnte uaim.” Seaghán 'ac Meanman: Indé agus Indiu 1 - 3 as 3: abairt 325, ag toiseacht ar lch 17, líne 31 “A shagairt dhílis,” arsa Andaí, a's bhog an bheirt giota eile ar siubhal ar eagla go gcluinfidhe focal d'á gcomhrádh - “a shagairt dhílis, tá sibh do mo sgannrughadh!” Seaghán 'ac Meanman: Mám Eile as an Mhála Chéadna 1 - 2 as 2: abairt 35, ag toiseacht ar lch 9, líne 14 “A shagairt,” arsa fear an toighe, “ní fhuil aon duine fá sheacht míle de'n áit a bhfuil sibh bhur seasamh a bhfuil beathach capaill ina sheilbh.” Seaghán 'ac Meanman: Crathadh an Phocáin 1 - 2 as 9: abairt 2519, ag toiseacht ar lch 115, líne 22 “‘A shagairt,’ arsa mise, ‘tá dúil agam go rug sibh beo uirthi!’ Seaghán 'ac Meanman: Crathadh an Phocáin 3 - 4 as 9: abairt 2528, ag toiseacht ar lch 115, líne 35 “‘Ceist ar bith a chuirfeas sibh orm-sa, a shagairt,’ arsa mise, ‘fuasclóchaidh mé í má tá a fuascladh agam.’ Seaghán 'ac Meanman: Crathadh an Phocáin 5 - 7 as 9: abairt 2546, ag toiseacht ar lch 116, líne 23 “‘A shagairt,’ arsa mise, ‘an bhfaca sibh-se a dhath suaithnidh nó éagsamhail ár bhur mbealach soir a's gan libh acht sibh féin?’ Seaghán 'ac Meanman: Crathadh an Phocáin 8 - 9 as 9: abairt 3263, ag toiseacht ar lch 147, líne 34 ‘Bhí sibh-se ar bhreitheamhnas go minic a roimhe, a shagairt; agus bhéadh tuairim agaibh caidé ba chóir foráil dí.’ Pádraig Ó Gallchobhair: Cáitheamh na dTonn 1 - 2 as 2: abairt 2729, ag toiseacht ar lch 240, líne 14 Agus anois, a Shagairt, cluinfidh sibh rud nach bhfuil fhios ag duine beo indiu ach agam-sa. Lars |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8260 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 11, 2009 - 06:32 am: |
|
Nós atá i gceist, ní (nó chan) gramadach! Agus ní bhíonn nós riamh "prescriptive", cé go mbíonn cáin soisialta ann ar nós a bhriseadh. Ní rabhas ach ag tabhairt giota eolais, agus is mór agam sampla Lars. Is sampla Ultach a luaigh mise freisin, Timmí ar "chois cuain". An bhfuil aon tagairtí thiar nó ó dheas ann don nós? |