Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 376 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, May 09, 2009 - 11:51 am: |
|
Léigh mé sa nuachtán inniu go raibh céad is caoga duine cruinnithe láithreach bonn ar cheann de na cearnóga sa chathair inné agus iad ag léamh os ard as Schiller. Mhair an taispeántas leathuair. Ba chóir "slua splaince" le Gaeilge a eagrú agus an chéad uair eile do Mhanchán a bheith ag (dul ar) seachrán leis. B'fhéidir go mbeifí in ann cor grinn a chur leis an scéal agus an nimh a bhaint de. (Message edited by ormondo on May 09, 2009) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8247 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 09, 2009 - 02:12 pm: |
|
Slua tintrí? (c.f. aithrí thoirní ag an Dálach) Is maith liom an smaoineamh, ach bheadh "caochán" i gcampa Mhanchán de dhíth ort. Agus fós bheinn amhrasach nach ndéanfadh sé a dhícheall an scéal a chasadh. Rud a bheadh simplí, ó tharla nach clár beo atá ann. Tochailt faoin Late Late, nó clár beo éigin eile, anois, sin smaoineamh ... |