Author |
Message |
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 317 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, May 07, 2009 - 04:58 pm: |
|
An té a scríobh na focail seo a leanas agus a litrigh ainm Risteaird Mhic Gabhann mar atá thíos, is alfraits é. .... by Richard McGowan .... If all the Gaeltachtai stopped existing .... to speak non-native Irish, just as non-native Latin continued in Europe 1000 years after Latin died out. ...... this Standard Irish lark would be wound up. Sea, an Seant sin gona smeareolas ar an teanga is ar an nGaeltacht, agus mholfainn do dhaoine a thuiscint go bhfuil líne fhada daoine a tháinig isteach ar shuíomhanna Gaeilge in imeacht na mblianta ag cur am agus iarracht daoine eile amú I MBÉARLA. Mo dhuine Webb agus eile, tarraingíonn siad síos sibh. Ná cothaígí iad a deirim. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 318 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, May 07, 2009 - 05:01 pm: |
|
Ar an taobh so atá ba chirte dom a rá. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 293 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, May 07, 2009 - 08:24 pm: |
|
Aithním sin, a Smac_muirí, agus luaigh mé sainmhíniú ar "troll" leis an té is mó atá ár mbodhradh faoi láthair. Mar sin féin tá ceist tarraingthe aníos aige: an aithneofar sinne a labhraíonn Gaeilge gach lá sa Ghalltacht mar dhaoine a bhfuil de cheart againn an teanga a labhairt leis an Státchóras má theipeann ar an nGaeltacht an Ghaeilge a choinneáil beo mar theanga phobail? An bhfuilimid sásta an dua a tharraingt orainn féin ár gcearta teanga a éileamh -- agus postanna nua le Gaeilge a chruthú sa Státchóras dá bharr? Naimhde na Gaeilge sa Ghalltacht tá siad an-tógtha le cothú na Gaeilge "sa Ghaeltacht" mar dhea. Is geall le lasc leictreachais nó bleibín solais acu "An Ghaeltacht": a luaithe is a imeoidh an teanga as mar theanga phobail sa Ghaeltacht beidh saor-chead acu gach tacaíocht a tharraingt siar sa Ghalltacht -- múineadh na teanga sna scoileanna go háirithe. Spíc Inglis agus bí déasaint feasta. B'fhearr liomsa go nglacfaí leis an tír uilig mar Ghaeltacht. Más gá idirdhealú a dhéanamh idir na ceantracha ina bhfuil an teanga á labhairt go tréan iontú agus á húsáid go poiblí i ngnótha an phobail -- searmanais eaglasta, cruinnithe polaitiúla agus cruinnithe na n-eagras deonach sa chomhluadar -- d'fhéadfaí fíor-Ghaeltacht a thabhairt orthusan -- go dtí go méadófar ar a líon ar fud na tíre. Bíodh "Rath Cairn" in gach contae mar chuspóir againn. Fan go bhfeice sibh cad é an bladar béalchráifeach i dtaobh na Gaeilge a bheidh ag an gcéad chrabhad eile má thagann athrú rialtais. Cheana féin tá an focal "athbheochan" geall le bheith ruaigthe acu as ár gcomhrá. "Tá an Ghaeilge beo" a deir siad i.e. is leor an Ghaeilge a bheith beo i measc daoine eile i bpóca beag Gaeltachta éigin lena gcoinsias a cheansú agus a chur chun suaimhnis i ndáil lena neamh-aird féin ar an teanga. "Ná hiarr ormsa dada a dhéanamh ar son na Gaeilge" an dearcadh atá acu i ndáiríre. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2870 Registered: 01-2005
| Posted on Thursday, May 07, 2009 - 10:05 pm: |
|
An chéad rud ba cheart a dhéanamh ar son na Gaeilge : í a theaghasc go ceart, agus gan í a theaghasc ar nós teangtha mairbhe... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|