Author |
Message |
K Burkitt (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, May 04, 2009 - 06:36 pm: |
|
Hello... I was wondering if I could find some help for a friend who wants to get a tattoo.... "Father condemn me for I shall fear not what you do"- into Irish Gaelic. Father is used in the sense of God. Pronunciation help would also be a great asset. Thank you! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8222 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 05, 2009 - 08:50 am: |
|
Condemn is a bit tricky, but since it is God you expect to condemn you, "damnaigh" will do. Not sure I think putting this on anything as permanent as a tatoo is wise. Damnaigh mé, a Athair, mar ní heagal liom a ndeánann tú Damnaigh mé,* a Athair, mar * ní heagal liom * a ndeánann tú damn me * o Father for * not cause of fear to me * what you do
eagal [aidiacht den chéad díochlaonadh] (leis an gcopail) eaglach, baolach (is eagal liom go bhfuil; ní heagal duit an madra). |
|
Hebeebti (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, May 18, 2009 - 01:33 am: |
|
Does anyone know the translation of "Where I am going, you cannot come" with the correct accents above the letters. It is a quote Jesus said in the Bible, book of John 8:21. It is in An Biobla Naofa but I haven't been able to get a hold of the bible yet. It would be very helpful! Thank you. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 308 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, May 18, 2009 - 03:27 pm: |
|
An áit ina bhfuilimse ag dul Ní féidir daoibhse teacht That's how it is in Bíobla Mhá Nuad. Here's the rest of the page. It's the best of Irish. Scary though: EOIN 8 Dá mbeadh aithne agaibh ormsa, bheadh aithne agaibh ar m’Athair chomh maith.” Labhair sé na focail seo taobh leis an gciste agus é ag teagasc sa Teampall. Níor leag aon duine lámh air, mar ní raibh a uair tagtha fós. Dúirt Íosa leo arís: “Tá mé ag imeacht agus beidh sibh ar mo lorg, agus gheobhaidh sibh bás in bhur bpeaca. An áit ina bhfuilim ag dul, ní féidir daoibhse teacht.” Chrom na Giúdaigh dá bhrí sin ar á rá: “An amhlaidh go maróidh sé é féin ós rud é go ndúirt sé: ‘An áit ina bhfuilimse ag dul, ní féidir daoibhse teacht ann’?” Lean sé air: “Is ón áit thíos sibhse,” ar sé leo, “is ón áit thuas mise. Is den saol seo sibhse, ní den saol seo mise. Uime sin a dúirt mé libh: ‘ Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.’ Mura gcreideann sibh gur mise é, Gheobhaidh sibh bás in bhur bpeacaí.” |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8287 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, May 18, 2009 - 03:31 pm: |
|
Gan amhras. Níorbh fear ciúin séimh i gcónaí é! Féach, mar shampla, Matha 10:34 |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 309 Registered: 07-2006
| Posted on Monday, May 18, 2009 - 07:58 pm: |
|
Hmmnn! “Ná bígí ag ceapadh gur chun síocháin a chur ar an talamh a tháinig mé. Ní síocháin a tháinig mé a chur ann ach claíomh. Óir tháinig mé chun duine a chur bunoscionn lena athair agus an iníon lena máthair agus bean mhic le máthair a céile, agus is iad lucht a theaghlaigh féin is naimhde do dhuine. “An té arb ansa leis athair nó máthair ná mé, níl sé diongbhála dom, agus an té arb ansa leis mac nó iníon ná mé, níl sé diongbhála dom; agus an té nach nglacann a chros agus mise a leanúint, níl sé diongbhála dom. An té a fhaigheann a anam, caillfidh sé é; ach an té a chaillfidh a anam mar gheall ormsa, gheobhaidh sé é. Cad é an ghramadach atá ag "diongbhála"??? |
|
Conchubhar1
Member Username: Conchubhar1
Post Number: 113 Registered: 03-2009
| Posted on Monday, May 18, 2009 - 09:13 pm: |
|
http://www.csis.ul.ie/scripts/focweb/Exe/focloir.exe okay that doesnt link propery - search up the word on that dictionary above |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 242 Registered: 08-2008
| Posted on Monday, May 18, 2009 - 10:25 pm: |
|
Tine, siúil liom!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8288 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 19, 2009 - 05:41 am: |
|
Focal dheas: diongbháil [ainm briathartha][ainmfhocal baininscneach den tríú díochlaonadh] cómhaith (níl a diongbháil de bhean le fáil); fiúntas, maitheas (brí agus diongbháil na hargóinte); seasmhacht; deimhniú, daingniú (fuair sé diongbháil ann). "not worthy of me" atá sa Bhéarla, "ist mein nicht wert" atá ag Luther http://www.biblegateway.com/passage/?search=Matthew%2010%20;&version=10; "cómhaith" is dócha atá i gceist, mar sin. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8289 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 19, 2009 - 05:44 am: |
|
Laidin: Qui amat patrem aut matrem plus quam me, non est me dignus: et qui amat filium aut filiam super me, non est me dignus. B'fhéidir go mbeadh fiúntas níos gaire don mharc: níl fiúntas ann dom |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 310 Registered: 07-2006
| Posted on Tuesday, May 19, 2009 - 02:44 pm: |
|
Ach "níl sé diongbhála dom"??? Tá an focal diongbháil ann agus tuigim a bhrí. An rud nach dtuigim ná an struchtúr. Dá mba é "níl sé indiongbhála dom" thuigfinn é, ar nós "níl sé ionchurtha liom" srl. Ach tá ag cinnt orm an nath seo a thuiscint. Bhíodh Fionn Mac Cumhaill ag lorg bean a dhiongbhála fadó -- má bhí -- ach seo rud eile. Theastaigh a dhiongbháil de bhean ó Fhionn. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8291 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, May 19, 2009 - 04:04 pm: |
|
Chuaigh mé i gcomhairle leis an Dálach. Agus ní thuigimse ach oiread, anois. Is mithid ceist a chuir ar an Fiannachtach é féin. Rud a dhéanfaidh mé - le r-phost. Cá bhfios nach mbeadh freagra aige dúinn. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8295 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, May 20, 2009 - 06:07 am: |
|
Seo a fhreagra: A Aonghais, a chara, Is dócha nach aon chabhair an focal Gréigise bunaidh a phlé ach seo é litreacha rómhánacha axios, sa Laidin dignus. Donnchadh Ó Floinn a d'aistrigh ach ghlacas agus Tomás Ó Fiaich leis sa chéad chló agus ghlacas leis sa Bhíobla Naofa. Féach Ó Domhnaill faoi dionghaibh, ab diongbháil ....5. an rud is diongbháil do dhuine = what is fitting for s.o. Agus diongbháilte...(Var. diongbhálta). Céim eile ar aghaidh is ea lta>ltha>la. Léacht ar an mBíobla le tabhairt agam anois do 34 tuata óg ó ollscoileanna i Meiriceá inár nDíseart. Dia libh agus tá an Spiorad Naomh chugainn. Go raibh Sé faraibh. Pádraig. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8299 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, May 21, 2009 - 06:30 am: |
|
D'iarr mé soiléiriú air: quote:Go raibh míle maith agat. Nuair a deir tú "céim eile ar aghaidh" an bhfuil treisiú i gceist? An rud a chuir mearbhall orainn ná an chuma gur an ginideach a bhí i gceist. Níl aon cheist faoi ghinideach, ach forbairt foghraíochta, Beannacht, Pádraig. Mar sin, is malairt leagan de diongbháilte atá i gceist. níl sé diongbháil dom a bheadh caighdeánach |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8315 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, May 23, 2009 - 08:43 am: |
|
Bump. An bhfaca tú é seo, a Thaidhgín? |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 322 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, May 23, 2009 - 04:17 pm: |
|
Chonaic, a Aonghuis. Ní abraím go dtuigim. Cén bhrí a bhain tú féin as an míniú? Is iomaí forbairt foghraíochta eile i nGaeilge an lae inniu ar a dtugaimid botúin. An é atá á rá ag an Athair Pádraig go scríobhfadh sé "diongbháilte" anois ach gur ghlac sé le leagan an Athar Donnchaidh (?) gan cheartú? Casadh an tAthair Donnchadh Ó Floinn orm fadó. Ollamh i Má Nuad ab ea é an uair sin cé nach rabhas-sa i mo mhacléinn aige. Bhíos ró-óg! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8320 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, May 24, 2009 - 12:45 pm: |
|
Is é sin mo thuiscint. Is dóigh liom go bhfuil dearcadh measartha scaoilte ag an tAthair Pádraig maidir le cúrsaí caighdeánú. |
|