mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (May-June) » Archive through May 01, 2009 » Dá mba mise Rí na hÉireann... « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 338
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, April 25, 2009 - 01:23 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Dá mba Rí na hÉireann tusa, céard a dhéanfá ar son athbheochan na Gaeilge?

Cuir i gcás go mbeadh an tíogar ceilteach ag búireadh fós agus cumhacht faoi leith agat i gcúrsaí airgid.

Céard iad na hathruithe a chuirfeá i gcrích, mar shampla?

(Message edited by ormondo on April 25, 2009)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James_murphy
Member
Username: James_murphy

Post Number: 253
Registered: 11-2005


Posted on Saturday, April 25, 2009 - 02:36 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seo cúpla smaoinimh ghearra:

Chuirfinn logainmneacha Béarla ar ceal.
Thionnscnóchainn scéim 10-15 bliadhna chun Gaedhealscoil a dhéanamh de gach uile scoil sa tír.
Ar feadh 10-15 bliadhna freisin d'athróchfaí RTÉ 1 & 2 agus TV3 ina mbealaigh lán-Ghaedhilge de réir a chéile. Dhéanfaí an rud chéadna le nuaidheachtáin etc fosta.
Ba riachtanach do gach státseirbhíseach Gaedhilg a bheith aige agus bhainfí feidhm as an nGaedhilg amháin ina n-obair.
Chruthóchainn uaisleacht Ghaedhilgeoirí a bheadh mar shompla do phobal na tíre.
Bheinn-se, agus an uaisleacht, i mo phátrún d'fhilí etc. na Gaedhilge. Bheadh fíor luacha saothair agus gradam ar fagháil do daoine ó bheith ag obair tríd an nGaedhilg. Beidh commórtais ann ina mbeidh duaiseanna arda airgid ar fagháil dóibh.

Thaispeánfaí don phobal go léir gurbh ionann rath, cumhacht, meas etc. agus cumas sa teangain.

Bheadh freasabhra ann, ar ndóigh, ach ní fhulaingfí é! :)

(Message edited by James_Murphy on April 25, 2009)

Séamus Ó Murċaḋa

Inis fá réim i gcéin san Iarṫar tá
Dá ngoirid luċt léiġinn Tír Éireann fialṁar cáil

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 341
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, April 25, 2009 - 02:52 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bheadh freasabhra ann, ar ndóigh, ach ní fhulaingfí é! :)

Ní aonfhlaitheas le daonlathas a bheadh ann le linn do réime mar sin?!

Is breá iad na "cinneaidh" atá déanta agat.

Ach abair, an gceadófá an Béarla ar chor ar bith nó an mbeadh gá le "Conradh an Bhéarla" am éigin amach anseo?

(Message edited by ormondo on April 25, 2009)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8187
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, April 26, 2009 - 09:45 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Moltaí fiúntacha, ach go háirithe

quote:

Bheinn-se, agus an uaisleacht, i mo phátrún d'fhilí etc. na Gaedhilge. Bheadh fíor luacha saothair agus gradam ar fagháil do daoine ó bheith ag obair tríd an nGaedhilg.



Is trua gurbh ón Stát is mó a thagann patrúntacht san Eoraip, murab ionann agus i Meiriceá.

Samhlaigh an cás dá mbeadh boic móra le airgead ag maoiniú leithéidí Nós, nó an Taibhdhearc, nó a leithéidí, seachas iad a bheith spléach ar laochra aonair nó maorlathas.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 344
Registered: 04-2008
Posted on Sunday, April 26, 2009 - 02:56 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An amhlaidh go mbailíonn lucht an rachmais thall dánlanna, ceolfhoirne agus mar sin de mar shuaitheantais ach nach mbailíonn an lucht gustalach abhus ach ailleagáin bhaotha cosúil le faichí gailf, agus ansin faichí gailf eile...?

Ach i ndáiríre, an fíor é nach raibh a oiread agus patrún amháin do ghníomhaíocht ghaeilge i measc ál ramhar an tíogair cheiltigh?

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8188
Registered: 08-2004


Posted on Sunday, April 26, 2009 - 03:54 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is eagal liom gur fíor. Níl an meas chéanna ar na dáin abhus. Cuid den chúis ná go mbíonn siad i marbhfháisc an Rialtais.



©Daltaí na Gaeilge