mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (May-June) » Archive through May 01, 2009 » Ceist ar Ghearmáiniseoirí « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James_murphy
Member
Username: James_murphy

Post Number: 248
Registered: 11-2005


Posted on Tuesday, April 21, 2009 - 02:06 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Táim ag léigheamh "Saothar ár Sean i gCéin" fá láthair agus deir an t-ughdar, Seán Ó Ceallaigh ("Sceilg"), ann go bhfuil "Chomh cródha le hÉireannach" mar sheanfhocal ag na Gearmánaigh. Tagrann sé do na hÉireannaigh a bhíodh i n-arm Fhreidric Mhóir na Prúise.
Ar chuala éinne riamh é?

Séamus Ó Murċaḋa

Inis fá réim i gcéin san Iarṫar tá
Dá ngoirid luċt léiġinn Tír Éireann fialṁar cáil

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Lars
Member
Username: Lars

Post Number: 319
Registered: 08-2005
Posted on Tuesday, April 21, 2009 - 03:55 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Mutig wie ein Ire?

Níor chuala mé riamh é.

chomh cróga le lion, chomh cróga le tailiúir, ach ...

Níl an seanfhocal seo in "Deutsches Sprichwörterlexikon" le K. F. W. Wander ná níl sé in "Lexikon der Sprichwörtlichen Redensarten" le Röhrich.

B'fhéidir go ndúirt Friedrich der Große mar sin ach ní seanfhocal é, déarfainnse.

Dála an scéil:
Níl morán seanfhocal a bhfuaras i bhfoclóir Wander maidir le hÉirinn agus maidir leis na hÉireannaigh:

"Sind die Irländer gut, so gibt es keine besseren Menschen;
sind sie aber schlecht, so findet man keine schlechteren."

(Má tá na hÉireannaí maith níl daoine níos fearr ann,
ach má tá siad olc ní faightear daoine níos measa.)

In Irland fault das Holz nicht
(Ní lobhann an t-adhmad in Éirinn.) N'fheadar cén fáth.

In Irland sind die Ärzte Bettler.
(Tá na lianna ina mbacaigh in Éirinn.) De bharr na haeráide an-sláintiúla a deir Wander.

Irland hat kein Ungeziefer
(Níl míolra ag Éirinn.) cibé ar bith cén fáth ...

Ach níor chuala mé iad freisin. (Tá leabhar Wander ina sheanfhoclóir anois)

Ach deirtear go minic ar ndóigh:
geizig wie die Schotten
(Chomh ceachartha leis na hAlbanaigh.)

Lars

(Message edited by lars on April 21, 2009)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

James_murphy
Member
Username: James_murphy

Post Number: 250
Registered: 11-2005


Posted on Tuesday, April 21, 2009 - 04:03 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An-spéiseamhail, a Lars, go raibh míle maith agat.
B'fhéidir go raibh sé tearc i 1904 nuair a scríobhadh an leabhar nó is féidir gur cheap Ó Ceallaigh an scéilín sin :)

Séamus Ó Murċaḋa

Inis fá réim i gcéin san Iarṫar tá
Dá ngoirid luċt léiġinn Tír Éireann fialṁar cáil

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8166
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, April 23, 2009 - 06:06 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

quote:

Ní lobhann an t-adhmad in Éirinn


Toisc nach ann do na coillte níos mó!

Níorbh eol dom Gael a bheith in ar Feardorcha (prionsa Protastúnach). Ach bhíodar in arm Impire na hOstaire. Sean Ghall - Buitléireach - a dhúnmharaigh Wallenstein, agus tá roinnt tagairtí do na Gael ag Schiller ina dhramaí faoi.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 8170
Registered: 08-2004


Posted on Thursday, April 23, 2009 - 06:26 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seo sampla as Wallensteins Lager

quote:

Zum Exempel--Dragoner--sprich:
Aus welchem Vaterland schreibst du dich?

Erster Dragoner.
Weit aus Hibernien her komm ich.


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 342
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, April 25, 2009 - 03:39 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Sean Ghall - Buitléireach - a dhúnmharaigh Wallenstein

De réir an fhinscéil "maireann" taibhse an Bhuitléirigh fós sa chathair inar bhásaigh sé.

http://de.wikipedia.org/wiki/Walter_Butler

Déarfainn, áfach, go bhfuil an fhoinse aimsithe agat cheana féin.

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.



©Daltaí na Gaeilge