Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, April 12, 2009 - 07:04 pm: |
|
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8130 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, April 13, 2009 - 09:15 am: |
|
Snasta, mar is dúil do mhuintir na hOstaire! Conas ar aimsigh tú é? |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 319 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, April 13, 2009 - 02:34 pm: |
|
Comhtharlú b'fhéidir: gegoogelt leis an bhfocal "Ostair" nó mar sin de. Tháinig mise ar an suíomh céanna "de thaisme" tamall ó shin ar an tslí sin. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 505 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, April 13, 2009 - 05:44 pm: |
|
Lá amháin chífead an focail "Ostair" agus gan mé ag cuimhneamh ar Cháisc láithreach bonn. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8137 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, April 14, 2009 - 06:08 am: |
|
Bhuel, deirtear go bhfuil nasc idir Ost (Oirthear) agus Oster/Easter. Agus is Ríocht an Oirthir is brí le Oesterreich. |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 507 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, April 14, 2009 - 12:00 pm: |
|
Ba níos inspéise dá mba "Ríocht an Cásca" ba bhrí leis. Ansan féadfadh Peadar Eireaball Cadáis a bheith ina Uachtarán! |
|
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, April 15, 2009 - 02:26 pm: |
|
Is ón Ostair mo mhuintir agus táim bródúil as an suíomh úd. Is aisteach an rud é - agus tá náire orm dá bharr - ach tá níos mó Gaeilge ar mo chumas agam ná Béarla os rud é go rinne mé staidéar uirthi. An bhfuil a leithéid go forleathan? Tá níos mó muiníne agam i mo chumas sa Ghaeilge mar ní raibh mé in ann na focail go léir a fhoghlaim i mBéarla os rud go gcaithfeá iad a fhoghlaim de ghlanmeabhar agus fréamh eachtrannach acu go léir beagnach. Cuirtear na focail i nGaeilge le chéile as míreanní beaga sothuigthe faoi mar a dhéantar i dteangacha eile seachas an Béarla. An bhfuil a leithéid de thaithí déanta ag na daoine eile nach bhfuil ina nÉireannaigh agus nach bhfuil an Béarla mar theanga dúchais acu? Is cúis náire dom é ar bhealach. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8150 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, April 16, 2009 - 08:44 am: |
|
Is eagal liom gur beag duine ar éirigh leo an Bhéarla a sheachaint ar an slí chun na Gaeilge - seachas tú féin agus Yu Ming! Tá togha na Gaeilge agat, bail ó dhia ort. |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 247 Registered: 07-2006
| Posted on Thursday, April 16, 2009 - 09:33 am: |
|
Ní cúis náire ar bith agat Gaeilge a bheith foghlamtha agat go dtí leibhéal níos airde ná leibhéal do chuid Béarla. Tréaslaím leat do bhua. Tá éacht déanta agat. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 323 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, April 16, 2009 - 10:47 am: |
|
Uaireanta is buntáiste é gan rud áirithe éigin a bheith ar do chumas agat, nó ba chirte dom a rá, níos beaichte b'fhéidir, gan an dara rogha a bheith agat (de réir na teoirice chluichí freisin!). Mar shampla, insítear dom go bhfuil sé dodhéanta beagnach an Olainnis a fhoghlaim. Cén fáth? Bhuel ní ró-dheacair an teanga í - is fusaide í a fhoghlaim ná an Ghearmáinis (dearbhú dásachtach!), más féidir leat an fhoghraíocht de "ui" (oinniún) a shárú - ach níl aon duine san Olainn sásta Olainnis a labhairt leat. Tugann siad iarradh i dtús báire faoi do theanga dhúchais a mheas agus leanann siad ar aghaidh ag caint leat sa teanga sin más é an Béarla, an Ghearmáinis nó an Fhraincís do theanga dhúchais - mar, de ghnáth, bíonn na hOllainnigh cinnte de go bhfuil na teangacha sin go léir ar a gcumas acu Mar sin, más mian leat an Olainnis a fhoghlaim, chaithfeá a rá gur Gaeilgeoir aonteangach thú. (Message edited by ormondo on April 16, 2009) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|