mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (March- April) » Archive through April 16, 2009 » Ní amhrán gaelach é ach... « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 312
Registered: 04-2008
Posted on Thursday, April 09, 2009 - 06:39 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

nach iontach ar fad an leagan seo de "Tig leat taisteal ar do bhealach fhéin" le Fleetwood Mac?

http://www.youtube.com/watch?v=Y4581_YdKT0

B'éigean dom é a (craobh)scaoileadh amach!

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member
Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg

Post Number: 500
Registered: 04-2008
Posted on Friday, April 10, 2009 - 01:57 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tuilleann gar amháin a chéile. Seo leagan de "Tonn ciorraitheoireachta" leis na Pioscaí: http://www.youtube.com/watch?v=uOav64UR3xQ

Tá na liricí agam. (Is doigh líom go bhuilid ceart go leor, ach ba mhaith liom cabhair chun sin a chinntiú.)

Éiriú as friotaíocht in aghaidh slán d'fhágáil.
Mo charr a thiomáint san fharraige.
Is dóigh libh mé caillte, ach mé ag seoladh uaibh

Ar thonn ciorraitheoireachta
Tonn ciorraitheoireachta
Tonn ciorraitheoireachta
Tonn, tonn.

Do phógas murúcha, mharcaíos El Niño.
Shiúileas gaineamh i dteanna sliogánach.
D'fhéadfainn dul go Máiriana

Ar thonn ciorraitheoireachta
Tonn ciorraitheoireachta
Tonn ciorraitheoireachta
Tonn, tonn.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 315
Registered: 04-2008
Posted on Friday, April 10, 2009 - 05:22 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

GRMA. Déarfainn go bhfuil na liricí go breá.

Ar roghnaigh tú "Tonn ciorraitheoireachta" seachas "Tonn ciorraithe" mar gheall ar líon na siollaí? Bheadh "Tonn ciorraithe" níos amhránaí, níos cantabile, dar liom.

"...cur in aghaidh slán..." ar an gcúis chéanna.

An mbeadh na Piocsaí in ann triall a bhaint as an t-amhrán a chanadh as Gaelainn, dar leat?

(i dteannta sliogánach)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member
Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg

Post Number: 501
Registered: 04-2008
Posted on Friday, April 10, 2009 - 05:42 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Suus cuique carus--táim ag baint aoibhnis as an mbinneas de "ciorraitheoireachta". Ní líonann "ciorraithe" an bhéil ar an slí chéanna.

Go raibh maith agat as na ceartúcháin, a chara!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 316
Registered: 04-2008
Posted on Friday, April 10, 2009 - 07:37 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Agus seo iad na liricí don amhrán thuas:

Tig leat dul ar do shlí fhéin

Bheith i ngrá leat
Ní cuí agus cóir sin
Conas a n-athróinn choíche
A mhothaím

Dá dtiocfadh liom
Seans go dtabharfainn mo shaol duit
Conas a d'fhéadfainn
Má dhiúltaíonn tú uaim é

Tig leat dul ar do shlí fhéin
Dul ar do shlí fhéin
Is a rá gan
ach lá uaigneach eile é
Tig leat dul ar do shlí fhéin
Dul ar do shlí fhéin

Nocht dom cén fáth
Gur athraigh gach rud
Málaí a phacáil
Níl uait ach amháin collaíocht

Dá dtiocfadh liom
A chroí, thabharfainn mo shaol duit
Scaoil saor
Tá gach rud ag feitheamh ort

Tig leat dul ar do shlí fhéin
Dul ar do shlí fhéin
Is a rá gan
ach lá uaigneach eile é
Tig leat dul ar do shlí fhéin
Dul ar do shlí fhéin


Níl i gceist anseo ach saghas trialach gasta an t-amhrán a chur in oiriúint don Ghaelainn faoi mar a dhéanadh go minic cheana féin.

D'fhéadfaí "Tig leat do chomhairle féin a dhéanamh" a roghnú mar theideal freisin, mar shampla, ach chuirfeadh an leagan sin an rithim agus an chomhréir an iomarca as a riocht, dar liom. Agus ba chóir a mheabhrú freisin go mbaintear úsáid fhial as "pribhléid an fhile" sna bunleaganacha agus dá bharr sin nách gá a bheith róbhuartha faoi aistriúchán ar choinníoll go bhfuil sé ceart go leor.


(Message edited by ormondo on April 10, 2009)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.



©Daltaí na Gaeilge