Author |
Message |
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 324 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, March 23, 2009 - 04:37 pm: |
|
Haigh a chairde How is ''ea'' pronounced in Muskerry and Corca Dhuibhne? And can I be given words for an example? For example: ceann, dealramh Go raibh maith agaibh Gaeilge go deo!
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 448 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, March 23, 2009 - 05:05 pm: |
|
Generally [a] in Muskerry, although not in either of the examples you give. This is due to an additional rule which diphthongises stressed /a/ to /au/ before certain consonants and consonant clusters. So ceann is ['caunˠ] (roughly like "kyown" [rhymes with "down" not "known"]) and dealramh is ['dʲauɾˠəvˠ] (again--very roughly--DYOW-ruhv). Examples of the default pronunciation would be geata ['ɟat̪ˠə] and meas ['mʲasˠ]. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 325 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, March 23, 2009 - 05:23 pm: |
|
Go raibh maith agat a chara. According to ''An Teanga Bheo: Gaeilge Chléire'' ea is prononced ''w'' in Cape Clear. Ceann = cewn, dealramh = dew-ruhv. Cape Clear Irish is the most unique sub-dialect in Munster to terms of prononciation, well to me anyway. Gaeilge go deo!
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 449 Registered: 04-2008
| Posted on Monday, March 23, 2009 - 06:01 pm: |
|
An bhfuil sé fíor gurb é seo an trascríobh a bhíonn in úsáid acu? Ní fhéadaim a oibriú amach cad é an diabhal rud go bhfuil "ew" ceaptha le seasamh dó. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2759 Registered: 01-2005
| Posted on Monday, March 23, 2009 - 09:39 pm: |
|
"w" a úsáideas an Buachallach ina leabhar fá Ghaeilg Chléire, fá choinne an défhoghar /ow/ a chuir in úil. Is dóigh liom go ndéantar défhoghar do "ea" (agus o) i Mumhain go léir roimhe ll, nn, m i bhfocla nach bhfuil ach siolla amháin iontu : crann mall poll tonn am geall ceann lom Is i dTír Chonaill a bhfuil an córas guthaithe is simplí agus is ársa maidir leis na guthaithe roimhe nn, m, ll srl. Nuair a athrann siad go minic i gConnachta agus i Mumhain. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 450 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, March 24, 2009 - 11:39 am: |
|
Ní amháin roimh consain dhúbailte ach roimh cairn consan chomh maith a dhéfhoghraítear /a/. Mar shampla: anró /au'ro:/[*] dealramh /d'aurəv/[*] ampla /aumplə/ [*] Cailltear /n/ agus /l/ roimh /r/. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2762 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, March 24, 2009 - 03:23 pm: |
|
Ní i ngach aon áit do Mhumhain : i gCorca Dhuibhne, deirtear dealramh mar /d ́ ɑ:hrəv/ Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 451 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, March 24, 2009 - 04:09 pm: |
|
Nach aisteach é sin? Deir Ó Siadhail gur ionann an fhoirm sa dá áit (Modern Irish, p. 98). |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 326 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, March 24, 2009 - 04:14 pm: |
|
Iontach suimiúil a chairde. Ba chóir domh IPA a dh'fhoghlaim. Gaeilge go deo!
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 452 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, March 24, 2009 - 04:47 pm: |
|
Ba. Seafóid is ea an trascríobh sa litriú Béarla. |
|
Curiousfinn
Member Username: Curiousfinn
Post Number: 208 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, March 24, 2009 - 05:04 pm: |
|
Scríobh Domhnaillín: [*] Cailltear /n/ agus /l/ roimh /r/. An bhfuil sé Mhumhain-sonrach nó comónta idir canúinti? (Message edited by curiousfinn on March 24, 2009) Tine, siúil liom!
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 453 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, March 24, 2009 - 05:11 pm: |
|
Ceapaim nach bhfuil an riail seo ach amháin ag canúna (áirithe) na Mumhan. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 330 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, March 24, 2009 - 06:54 pm: |
|
Cá háit a dtiocfadh liom IPA a dh'fhoghlaim? Dé an suíomh is fearr? Tá mé ag iarraidh na guthannaí a dh'fhoghlaim atá i nGaeilge, sin an méid. Gaeilge go deo!
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2764 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, March 24, 2009 - 07:24 pm: |
|
quote:Nach aisteach é sin? Deir Ó Siadhail gur ionann an fhoirm sa dá áit (Modern Irish, p. 98). Gml, /d ́ ɑ:rhəv/ a bhí ann, in áit /d ́ ɑ:hrəv/, ach cibith, níl défhoghar ar bith san fhocal sin. Níl 's agam cad é 'scríobh an Siadhalach. Bhí mé 'luadh an rud a fuair mé ins an leabhar 'Gaeilge Chorca Dhuibhne' le Diarmaid Ó Sé (speisialtóir ar a' chanúint sin, agus cainteoir dúchais as Corca Dhuibhne féin, síleam), leathanach 14. Ach do réir an tSiadhalaigh, is foirm as Dún Chaoin an fhoirm sin le défhoghar. Is féidir go bhfuil an fuaimniú eile le fáilt i gCorca Dhuibhne ar an iomlán, agus cionn le défhoghar i nDún Chaoin amháin. 'S minic a bíos cupla fuaimniú difriúil le fáilt ins a' cheantar chéarna. Thrigger, maidir le guthaithe na Gaeilge, ní dóigh liom go bhfuighidh tú suíomh le guthaithe na Gaeilge dúchasaí ar shuíomh eadarlín. Gheobhaidh tú cupla cionn ar shuíomh m'fhoclóra (annexedicoirlfr.ifrance.com) ach is mise a rinn iad agus is féidir go bhfuil duifear beag eadar guthaithe na gcainteoir dúchais agus a' chuid a fhuaimneamsa - gidh go bhfuil mo chuidsa "inghlactha" ag na cainteoirí dúchais! Ach má chuartam is féidir go bhfuighidh mé rud ineacht duid. Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 454 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, March 25, 2009 - 11:05 am: |
|
Go raibh maith agat, a Lughaidh. Níorbh eol dom méid na difríochta idir Ghaelainn Chorca Dhuibhne is Gaelainn Dhún Chaoin. Cad é go bhfuil ar eolas agat fén ndéfhoghrú i gcomhfhocail? An ndéarfadh muintir na Mumhan /'kroumc´aun/ (agus fo-aiceann ar an siolla deiridh) nó /'kroumc´ən/? |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2765 Registered: 01-2005
| Posted on Wednesday, March 25, 2009 - 02:59 pm: |
|
Tá Dún Chaoin i gCorca Dhuibhne, ach is féidir go bhfuil cupla rud speisialta i nDún Chaoin 's nach n-abartar sa chuid eile do Chorca Dhuibhne, sin a bhí i gceist agam. cromcheann (chan cromceann), síleam. Níl an focal sin in mo leabhar ach síleam nach bhfaghthar na défhoghair sin ach i siollaí aiceanta (agus níos mó aríst i bhfocla aonsiollacha)... Ach maidir le comhfhocla mar "cromcheann"... is scéal eile é! Síleam go mbeadh /'kroumx´an/ nó /'kromx´an/ acu, ach ba chóra ceist a chuir ar dhuine a bhfuil eolas maith aige fán chanúint sin... Cha dtig liom ráidht ach a bhfuil in mo leabharthaí... I leabhar Sjoestedt fá Dhún Chaoin, faghthar "lomcheart" le défhoghar sa chéad chuid, sin /laumx'art/, mar sin déarfainn go mbeadh /'kroumx´an/ ann ar aon nós... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|