mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (March- April) » Archive through April 01, 2009 » Deireadh Seachtaine lán Gaeilge, 3-5 Aibreán, Long Beach Island, NJ « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Admin
Board Administrator
Username: Admin

Post Number: 10
Registered: 01-1999


Posted on Thursday, March 19, 2009 - 03:46 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A chara,

Beidh Deireadh Seachtaine lán Gaeilge againn aríst i mbliana (3 - 5 Aibreán), ach bainfaidh muid úsáid as ionad nua (The Maritime History Museum). Beidh seimináir agus léachtaí againn ar ábhair éagsúla. Agus tá sé ar intinn againn freisin rang gramadaí a thairiscint do na mic léinn a bhfuil fáinní airgead acu. Ag an Deireadh Seachtaine seo beidh ar chuile dhuine Gaeilge amháin a úsáid i rith an ama ar fad, agus beidh cosc ar gach teanga eile.

Is féidir leat clarú agus íocaíocht a dhéanamh ar an idirlíon, má's mian. Tá súil againn go mbainfidh tú taithneamh agus fiúntas as an gclár; agus tá muid ag súil le do chomhluadar.

Foirm Chláraithe: http://www.daltai.com/events/regmrt09.htm

Sonraí agus Eolas an Bhealaigh: http://www.daltai.com/events/marta09.htm

Dátaí: Idir an 3ú agus an 5ú d'Aibreáin 2009.
Suíomh: Haven Beach Motel, Long Beach Island (Ocean County), New Jersey.
Costas: $130 an duine ar lóistíní, béilí agus na h-imeachtaí go léir.
Béilí: Dé Sathairn - Trí bhéile; Dé Domhnaigh - Bricfeasta & Lón. (Dé hAoine - Tada)
Clárú: Spriocdháta - An 27ú de Mhárta.
Am Teacht: Dé hAoine - Am ar bith thar éis 5:00 i.n. Cruinniú Tosaigh 9:00 i.n.


Le gach dea-mhéin,

Daltaí na Gaeilge



©Daltaí na Gaeilge