mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (March- April) » Archive through March 14, 2009 » Ar éigean « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanrud
Member
Username: Seanrud

Post Number: 6
Registered: 06-2005
Posted on Friday, February 27, 2009 - 11:00 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A chairde ,

Would the following attempt in Irish come close to rendering the content of the English statement ? Grammar ... syntax ?

Ar éigean a bhí aithne againn oraibh.

We hardly knew ye.

Many thanks !

(Message edited by SeanRud on February 27, 2009)

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 290
Registered: 06-2008
Posted on Saturday, February 28, 2009 - 05:29 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ceart.

Níl caill ar bith air a Sheanóir.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanrud
Member
Username: Seanrud

Post Number: 7
Registered: 06-2005
Posted on Saturday, February 28, 2009 - 11:48 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Seanóir !! LOL Tá mé ach 73 bliain d'aois amháin , mo mhic !!.... ach níl a aois le haithint orm ! All kidding aside.. táim an - bhuíoch díot , a Sheosamh.

A friend of mine wrote a book about the old Irish cemetary ( Saint Mary's ) here in Saint John ,New Brunswick which "houses " , so to speak , the immediate and more elderly survivors of the Gorta Mór " coffin ships ".... between 1853 and 1880. The book is entitled " We Hardly Knew Ye ". We hope to raise a few shekels this Spring to build a fitting memorial to those brave folks who , for the most part , were probably gaeilgeoirí. Go dté tú slán....

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 292
Registered: 06-2008
Posted on Saturday, February 28, 2009 - 01:36 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

73 - ar ndóigh, ní Seanrud thú ar chor ar bith. Níl ionat ach gasúr!

Obair an-mhaith a chur ina luí ar Éireannaigh agus eile na linne seo gur chainteoirí Gaeilge an chuid is mó mór den dream a chuaigh bealach an gharraí an t-am sin. Cuireann sé alltacht orm oiread leachtaí cuimhneacháin faoin tír seo gan oiread is focal amháin Gaeilge greanta orthu. 'Ceilt na fírinne' a thugtar ar a leithéid de ghnáth.
Tá ábhar nach gann ar an idirlíon faoin taobh sin, New Brunswick, agus báid bhána an Drochshaoil isteach is amach ann. Le PRONI an blaisín seo:

Letter to Sir R. Gore Booth [sic]
Colonial Land & Emigration Office
9 Park Street
Westminster
20th November 1847
Sir,
With respect to the enclosed extracts of the Government Emigration Agent at Saint Johns New Brunswick relative to the condition & class of emigrants stated to have been sent out from your estate in the course of the past season, - The commissioners of Colonial Lands and Emigration have thought that you would very probably desire to see these statements, & I am therefore directed to forward them to you, & to say that should you wish to offer any remarks upon them, the Commissioners will be very happy to receive them. - I have the honor to be Sir,
Your obedient Servant,
S. Walcott [query]
Secretary
Extracts of reports from the Govt. Emigration Agent at St.John's, New Brunswick ......

Fear bocht amháin as baile fearainn le taobh mo mhuintire ar cheann de na báid, nuair a ceistíodh é faoi cén fáth a ndeachaigh siad ann, dúirt 'we were EXPORTED by our landlord'!

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanrud
Member
Username: Seanrud

Post Number: 8
Registered: 06-2005
Posted on Tuesday, March 03, 2009 - 09:55 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá an fhirinne agat , a Seosamh...... coldly as though he were acknowledging receipt of merchandise. Go raibh maith agat ... I'll keep you posted..... lot of McMurrays here .

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 296
Registered: 06-2008
Posted on Wednesday, March 04, 2009 - 07:39 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

An-spéisiúil. De bhunadh na hAlban nó de bhunadh na hÉireann meas tú?
Tá uaigh amháin i nDroim Cliabh nach bhfuil éinne dá mbunadh thart le tamall, Patt, Hugh agus Ann Mc Murray a fuair bás idir 1811 agus 1835.

Roinnt teaghlach den dream a dhíshealbhaigh Sir Robert is nach ndeachaigh ar na báid (cúig cinn acu: Aeolus, Yeoman, Lady Sale, Alice agus an Pomono - nach ionann agus an Pomona), chuaigh siad go Scrín Adhomhnáin, Co. Shligigh. Bhog Coimisiún na Talún ar ais go dtí an talamh chéanna iad i mBaile Uí Ghiollagáin (sna Seacht gCartún) an chéad seo chuaigh thart. Díolann mac le fear amháin acu sin a bogadh ar ais, a chuid glasraí i gcarrchlós na hInstitiúide Teicneolaíochta i Sligeach gan maidin Sathairn. Má thagann éinne ar ais ar cuairt as taobh New Brunswick (tá a fhios agam ón idirlíon go bhfuil sliocht Mhuintir Uí Éineacháin ann, Hannigan thall, Hennigan agus Hannigan abhus) is féidir leo préataí as Baile Uí Ghiollagáin a cheannach is a ithe!

Tháinig ceithre bhád díobh sin thuas i dtír ag San Seon. Tá lucht staire ag maíomh nach raibh riamh aon bhád den ainm MV Pomono, ach tá amhrán agus traidisiún an-láidir san áit gur chuir an caiptín go tóin poill í ar chósta Shligigh, gur tháinig an fhoireann lena gcaiptín i dtír i mbád beag, ach gur tharrtaigh beirt bhan iad féin i ngan fhios. Tá cúpla rann as an amhrán, atá fós san áit, ar an leathanach seo:
http://www.sligoheritage.com/archpomano.htm

Chuaigh an Chuntaois Markievicz ag siúl thart sna garrantaí i mbaile fearainn Urláir i ndiaidh theacht as an gcarchair. Bhí fear muinteartha liom féin ag siúl in éineacht léi, ag taispeáint na háite di, agus cheistigh sé í faoi céard a thiomáin í isteach chomh láidir ar son na hÉireann agus isteach san Éirí Amach, glan beann in éadan a cúlra. "Sir Robert" a dúirt sí. Bhí brón uirthi as a ndearna seisean dúirt sí.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Seanrud
Member
Username: Seanrud

Post Number: 9
Registered: 06-2005
Posted on Sunday, March 08, 2009 - 01:05 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

A Sheosamh...Go raimh míle míle maith agat as info on Gorta Mór and Gore Booth.... craos....le mailís réamhcheaptha !! I just moved back here after living 47 years in Québec City where the Irish have never forgotten Capt. Mahon's death ships..... Naomi and Virginius out of Roscommon. Out of 1000 souls on board initially only 48% arrived in Quebec.

Is mo bhunadh féin ó Dhún na nGall .... death notice in 1893 for mo shinsinseanmháthair...

d. Thursday 9th inst., Mary McANULTY, age 90, a native of County Donegal, Ireland. (Fredericton and Boston papers please copy). Funeral Friday 2:30 from residence of her son, James McANULTY, Strait Shore.

As for the McMurrays here I believe there are many of Scottish origin as well as a fair representation from Ireland. Example from old newspapers.

d. At his residence Lake George (York Co.) Friday 22nd ult., James McMURRAY, 73rd year, native of Dumfriesshire, Scotland. ( Daily Telegraph 1884 )

Terence McMURRAY, well known Strait Shore merchant, has gone on a visit to his old home in the nortjh of Ireland, after an absence of about 35 years. His son, Patrick McMURRAY, is now on the other side, being a mate of the bark "Katahdin" which arrived at Liverpool yesterday. ( Daily Sun 1893 )

Date December 18 1895
County Northumberland
Place Chatham
Newspaper The World



d. Moorfield (North. Co.) Dec. 4th, Hugh McMURRAY, age 91 years, a native of County Down, Ireland.

And now for another request , a Sheosamh.. for our commemorative at Saint Mary's Cemetery.

Ar éigean a bhí aithne againn oraibh.... ach beidh sibh inár gcuimhne go deo deo.

Is the above grammatically sound and could I shorten it while retaining the semantic content ? Uair amháin eile , a chara.... tá Euro agat orm !! Now that is as close to " I owe you one " as I can get without insulting the Irish language. Slán go fóill !

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 302
Registered: 06-2008
Posted on Monday, March 09, 2009 - 09:48 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Grma a Chonallaigh. An-spéisiúil dom ar fad. Bhí an dá ainm baiste inár measc i bhfad ó shin. Bhí Patt Mc Morrey a rugadh 1793 agus Torrence, a bhí ina bhuachaill óg Mí Feabhra 1840. Níl aon tuairisc againn orthu ina dhiaidh sin. Ar aon chuma.

Tá an dá ráiteas Gaeilge sin ceart.
B'fhéidir gur inmholta ag deireadh an chéad ráiteas 'na ndeor' a chur isteach in áit an dara 'deo':-
'... ach beidh sibh inár gcuimhne go deo na ndeor'.

Lena ghiortú, de bheagán:

'Smearaithne a bhí againn oraibh .....'

Sea, 'tá € agat orm' - I owe you a €.


Mar eolas:
Mac Nulty i dtuaisceart Chonnacht; Mar dheimhniú ar na húdair a mhaígh gurb as Mac Con Allta a d'eascair sé;

Chonaic mé i reilig na Caolóige, Béal Átha an Trí Liag, gar go leor do Bhun Dobhráin: 'Mc Analty' ar sheanleic uaighe agus 'Mc Nulty' ar uaigh nua-aimseartha in aice leis.

Grmma as an eolas thuas.



©Daltaí na Gaeilge