mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (March- April) » Archive through March 14, 2009 » Ní bheidh soiscéal na heacnamaíochta á chraobhscaoileadh i mBéarla a thuilleadh amach anseo. « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 244
Registered: 04-2008
Posted on Saturday, February 21, 2009 - 07:26 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ní bheidh soiscéal na heacnamaíochta á chraobhscaoileadh i mBéarla a thuilleadh amach anseo. Sin é an teachtaireacht a d'fhógair comhalta boird de chomhlacht mór sa tír seo i rith na seachtaine.

Le roinnt blianta anuas bhí an béarlachas ag teacht chun tosaigh i nGearmáinis an lucht eacnamaíochta agus an teanga sin ag éirí níos breactha le haghaidh an lae le friotail Bhéarla. Thugtaí agus tugtar drochúsáid do cheachtar den dá theanga leis an bhfaisean úd agus na friotail Bhéarla sáite isteach go ciotach mar bhaill eachtracha i gcorp na Gearmáinise agus na béala lán de chastaí agus de lúba agus iad ag tabhairt faoi na friotail Bhéarla a ghlanadh mar chapaill ag léim thar tríchlaíocha ar thalamh sciorrach agus gan ach bearnaí beaga eatarthu. Chuir sé aiféaltas orm go minic agus mé ag smaoineamh ar theanga bhreá Liam Uí Shleáchrith agus gurbh é an té a bheadh ar bhallchrith dá mbeadh sé i láthair.

Agus fírinní mhóra an airgeadais? Níorbh fhéidir na seoda úd a fhógairt (a nochtadh!) ach amháin i mBéarla, go hurramach.

Anois tá an cliseadh eacnamaíochta leathbliain d'aois agus níl solas i bhfoirceann an tolláin ach solais na traenach, b'fhéidir, ag toirniúil inár dtreo. Agus tá clú an Bhéarla ag creimeadh le haghaidh an lae leis. Teanga an dallamullóg agus na caimiléirachta is ea ár dteanga chúnta anois. Ach bliain bheag ó shin thagadh soiscéalta an airgeadais go rialta ón domhan Béarlach agus anois táthar ag magadh faoi.


(Message edited by ormondo on February 21, 2009)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Smac_muirí
Member
Username: Smac_muirí

Post Number: 285
Registered: 06-2008
Posted on Sunday, February 22, 2009 - 01:23 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Is fíorspéisiúil an méid sin. Droim láimhe le Béarla anois i ngeall ar na bréaga a scilligeadh leis le blianta.

Níor rith sé liom go mbeadh sé amhlaidh, ach luíonn sé le céill. GRMA.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ciarraíoch (Unregistered Guest)
Unregistered guest
Posted From:
Posted on Sunday, March 01, 2009 - 06:18 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Ormondo,

B'fhéidir nach dtuigim i gceart thú, ach céard atá le rá agat; go bhfuil nasc ann idir an géirchéim eacnamaíochta domhanda agus an teanga Béarla, i ndáiríre?

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Ormondo
Member
Username: Ormondo

Post Number: 250
Registered: 04-2008
Posted on Wednesday, March 04, 2009 - 03:49 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

"Babhtáil mainneachtain chreidmheasa" is é an friotal Gaeilge ar "credit default swap" de réir focal.ie, mar shampla. Níor chuala mé leagan Gearmánach de riamh. Leis na blianta beaga anuas bhí sé faiseanta i saol an airgeadais focail and friotail Bhéarla a úsáid gan iad a aistriú. Na fáithe a raibh dúrúnta Dhia an Rachmais i dtaisce ina gcloigne acu, ba Bhéarla an teanga inar chraobhscaoil siad an soiscéal agus iad ag dul thar fóir le gach uile rud. Agus feictear don phobail anois go bhfuil baint éigin idir an Béarla agus an ghéirchéim eacnamaíochta. Níl tóir ar an mBéarla faoi láthair mar a bhí roimh ré.

(Ach níor chóir an locht a chur ar an dteanga bhocht fhéin - má shamhlaítear dúinn í mar dhuine!)

Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.



©Daltaí na Gaeilge