Author |
Message |
Seánobriain
Member Username: Seánobriain
Post Number: 9 Registered: 12-2008
| Posted on Saturday, February 21, 2009 - 09:55 am: |
|
An bhfuil "ag feachaint chun tosaigh" ceart nó mícheart? Grma.. |
|
Seánobriain
Member Username: Seánobriain
Post Number: 10 Registered: 12-2008
| Posted on Saturday, February 21, 2009 - 10:04 am: |
|
Ceapaim go bhfuil sé "ag feitheamh go crua le".. nvm :) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8118 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, February 21, 2009 - 10:34 am: |
|
Níl. "Ag súil le" nó "Ag dréim le" an nath atá uait. Is féidir "go mór" a chuir leis chun é a threisiú "ag súil go mór le" |
|
Seánobriain
Member Username: Seánobriain
Post Number: 12 Registered: 12-2008
| Posted on Saturday, February 21, 2009 - 10:39 am: |
|
Ceapaim go bhfuil an dara ceann ceart chomh maith ar aon nós - "ag feitheamh go crua le". Ach, grma :) |
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 113 Registered: 07-2006
| Posted on Saturday, February 21, 2009 - 11:13 am: |
|
Cúpla ceann eile: ag tnúth leis an lá -- yearning for the day Is fada liom go dtaga an lá -- I consider it long until the day comes (for holidays etc)i.e. I'm looking forward to the day ... Nára fada uainn é! May it not be long from us. |
|
Seánobriain
Member Username: Seánobriain
Post Number: 13 Registered: 12-2008
| Posted on Saturday, February 21, 2009 - 12:12 pm: |
|
Go raibh maith agat :) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2715 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, February 21, 2009 - 08:06 pm: |
|
quote:An bhfuil "ag feachaint chun tosaigh" ceart nó mícheart? Ní Gaeilg ar bith é más é 'n cor cainte "looking forward to" atá i gceist agad. Thuigfinn "ag féachaint chun tosaigh" mar "to look at what stands in front of you"... Ní féidir na cora cainte Béarla a dh'aistriú focal ar fhocal i nGaeilg. Leis sin a thuigbheáil, déan a mhalairt : ar chóir "John is given on him" a ráidht, le "he is called John" a ráidht ? (ón Ghaeilg "John a thugtar air"). I'm looking forward to it = Tá mé ag súil leis (sin an abairt is coiteanta leis sin a ráidht). Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8119 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, February 23, 2009 - 04:06 am: |
|
Focal eile le cuir sa mheascán: cíocras cíocras [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] ampla, saint, airc, chun ruda. Tá cíocras orm chun X |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1031 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, February 23, 2009 - 04:34 am: |
|
Tá "flosc" ann chomh maith. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8121 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, February 23, 2009 - 06:12 am: |
|
Samhlaím gníomh seachas mothúchan le flosc. Ach feicim nach bhfuil an scéal chomh simplí sin: díocas [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] fonn mór, flosc, cíocras. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1032 Registered: 06-2006
| Posted on Monday, February 23, 2009 - 06:28 am: |
|
Measaim gur fíor dhuit: bheadh flosc orm chun gnímh eicínt - flosc chun ceoil, flosc chun bia, flosc chun troda - ach ní déarfainn go raibh flosc orm chun deiridh seachtaine, ná chun duine áirithe a fheiceáil arís. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|