Author |
Message |
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 1 Registered: 02-2009
| Posted on Tuesday, February 17, 2009 - 02:26 pm: |
|
Tá mé ag cabhrú le mo ghar-iníon i láthair na huaire. Scríobh sí aiste - seo abairt a scríobh sí .. Bhí mé "grounded", mar bhí fearg ar mo Mhamaí Is féidir a rá rudaí cosúil le "Bhí orm fanacht sa teach" srl, ach tá mé ag lorg focail deas (nua-aimseartha!) in áit grounded. eadaoin |
|
Lars
Member Username: Lars
Post Number: 305 Registered: 08-2005
| Posted on Tuesday, February 17, 2009 - 02:59 pm: |
|
Níl a fhios agam, ach b'fhéidir: tá teorann orm tá mé i mbraighdeanas baile tá mé gafa (sa tigh) Ach seans go ndeirtear: tá mé groundáilte :-) Lars (Message edited by lars on February 17, 2009) |
|
Breandán
Member Username: Breandán
Post Number: 154 Registered: 12-2008
| Posted on Tuesday, February 17, 2009 - 08:10 pm: |
|
I think "grounded" originally comes from a military term that is still used in aviation, "the planes were grounded by poor weather", etc. Irish uses the word fuireach (also fuireacht) "a wait, a delay" for this, (fuireach poirt for planes, fuireach calaidh for ships.) That is really what the modern meaning is in English, i.e., you have to wait for your parents' permission to resume normal activities. So I would suggest: Tá fuireach orm. "I have to wait" (FGB) If that is still too literal perhaps: Tá cosc orm dul amach. "I am forbidden to go out." Níl cead agam an teach a fhágáil. "I am confined to the house." (after De Bhaldraithe) I was also going to suggest "house-arrest", but I see Lars has included it above: Tá mé i mbraighdeanas baile. "I am under house-arrest" Anyone have any quotes from literature? Surely there must be plenty of examples of a young lady or man being forbidden by parents to leave the house as punishment? |
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 2 Registered: 02-2009
| Posted on Thursday, February 19, 2009 - 04:23 pm: |
|
go raibh maith agaibh, Lars agus Breandán is maith liom "ta me i mbraighdeanas baile" agus "ta cosc orm" eadaoin |
|
Seanfhear
Member Username: Seanfhear
Post Number: 79 Registered: 08-2007
| Posted on Thursday, February 19, 2009 - 06:42 pm: |
|
Is amhlaidh go raibh an cailín bocht 'i ngéibhinn', nó b'fhéidir go raibh sí 'fé ghlas ag Gallaibh!' :-) Seanfhear |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 1029 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, February 20, 2009 - 09:15 am: |
|
quote:Tá fuireach orm. "I have to wait" (FGB) B'shin é mo roghasa chomh maith. "Tá fuireach orm sa mbaile" b'fhéidir, ar ghrá na (ró?)mhínitheachta. Airím blas beagán drámatúil ar bheith "i ngéibhinn" ag do mhuintir féin... chuile sheans gurb é is mó a thaitneodh le fíordhéagóir mar sin! Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 30 Registered: 02-2007
| Posted on Friday, February 20, 2009 - 03:34 pm: |
|
Tá an ceart agaibhse ach deirim "táim fé smacht" chomh maith. Mar shampla Cara: An bhfuil tú ag dul suas an bhaile inniu? Mé féin: Ní bheidh. Faraor, táim fén smacht arís! Is ionann "fé smacht" le "im under someones authority". Orddan ocus tocad duit!
|
|
Eadaoin
Member Username: Eadaoin
Post Number: 3 Registered: 02-2009
| Posted on Saturday, February 21, 2009 - 07:07 pm: |
|
grma, Seanfhear,Abigail, agus Ardri beidh mé ag smaoineamh ar na rudaí a scríobh sibh eadaoin |
|