Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8058 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, February 08, 2009 - 08:55 am: |
|
Ceist a chuir Dennis ar snáth eile. Níl an Béarla agam air! Anois feicim: http://dictionary.reference.com/browse/proctologist Níl focal ag focal. Bundúnaire, seans? (Seachas bundúnaí!) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8059 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, February 08, 2009 - 02:13 pm: |
|
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 219 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, February 08, 2009 - 02:40 pm: |
|
quote:Agus cad é an Ghaeilge ar proctologist? Dá dheacra í níor chóir dúinn an cheist seo a chur ar an méar fhada. (Message edited by ormondo on February 08, 2009) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 220 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, February 08, 2009 - 03:04 pm: |
|
Bheadh nuafhocal le "timpireacht" nó "driseachán" ró-chiotach, is dócha. Is é "proicteolaí" an leagan is gaire, b'fhéidir, don mhúnla as a dtáinig "gaistreintreolaí" agus mar sin de cheana féin. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4394 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, February 08, 2009 - 03:13 pm: |
|
An focal nach dtuigim ná "driseachán" atá suite i measc na ndriseacha agus na ndriseoga san fhoclóir (ouch!). Is léir go bhfuil gaol aige le "drisín1" in Ó Dónaill, ach tá mé dall ar shanasaíocht an fhocail sin freisin. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 221 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, February 08, 2009 - 04:24 pm: |
|
quote:"driseachán" Caithfidh go raibh an daorghalar ar an té a chum an téarma úd. Pé scéal é, ní raibh san úrscéal mór a scríobh Cervantes roinnt céadta bliain ó shin ach fáthscéal faoi bheirt a bhíodh ag saothrú i lialann phroicteolaithe um an dtaca sin. (Scríobh sé glantéacs an scéil i nGaeilge roimh ré ar eagla go dtuigfeadh lucht na Cúistiúnachta é - rún diamhair é sin anois nár nochtadh riamh cheana.) B'é Don Quixote - ní nach ionadh - ainm an phroicteolaithe sa leagan Gaeilge seo; ach cad ab ainm dá leathbhádora? (Leid: d'ainneoin gurbh é Don Quixote an proicteolaí, b'é an leathbhádóir an té a bhíodh, mar a déarfá, lántumaithe san obair.) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8061 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, February 09, 2009 - 06:31 am: |
|
Fágann ceisteanna chasta seo Ormondo drisíneach mé. Glacaim leis gur imeartas focail ar Sancho Panza atá ann. http://www.spanishdict.com/translate/panza Agus ó tharla Sancho a bheith ainmnithe de bharr a bholg.... Seanchán Torpachán mar sin, in onóir a fhir a thug an Táin dúinn arís. http://www.smo.uhi.ac.uk/gaeilge/focloiri/daoine/lorg.php?tairg=Lorg&facal=torpa chán&seorsa=Gaidhlig (Message edited by aonghus on February 09, 2009) |
|
Daithí (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Monday, February 09, 2009 - 12:04 pm: |
|
"Tóinóir", ar ndoigh! |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8066 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, February 10, 2009 - 10:40 am: |
|
Ró shimplí, a Dhaithí, ró dhíreach. Chuirfidh sé sin bundún ar na lianna. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 223 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, February 10, 2009 - 04:45 pm: |
|
quote:Seanchán Torpachán mar sin, in onóir a fhir a thug an Táin dúinn arís. Saothar saoithiúil den scoth, baile ó Dhia ort, a Aonghuis - ach pearsantú de cheann de na huirlisí oibrithe an phroicteolaithe (agus an príomhcheann, d'fhéadfainn a rá!) a bhí i gceist agam. Ní chuirfidh mé réiteach na ceiste ar an méar fhada, a mhic ó - ach ar dtús leid nó dhó. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 226 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, February 11, 2009 - 12:56 pm: |
|
Mac an daba! Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8074 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, February 11, 2009 - 04:53 pm: |
|
Ouch! |
|