|
|
|
Author |
Message |
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 26 Registered: 02-2007
| Posted on Saturday, February 07, 2009 - 01:02 pm: |
|
Dia daoibh a chairde, I'm writing a small prose for our yearbook. If ye remember I posted a story about the Hill of Tara in the Comhrá Oscailte as Gaeilge, ach fé látháir tá leasú agus ceartú á déanamh agam ar, agus ar ndóigh, tá cabhair agus comhairle uaim! I dtosach, cad is brí leis an (bh?)focail "Muise", mar feicim go minic é. "Smaoineoinn ar an tionchar a bhí ag na scéalta se ar ár stáir, gcultúir, ‘s saoirse. Agus ar ndóigh an slí a chuireadh deireadh leis an tionchar sin. Is fíor gurb íad na scéalta sin atá mar foinse don spiorad Ghaelach. An t-anam taismeach Ghaelach." An miste le aoinne na botúin gramadaí nó litrithe suas a léirigh dom. gura míle Orddan ocus tocad duit!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4391 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, February 07, 2009 - 01:54 pm: |
|
"Smaoineoinn ar an tionchar a bhí ag na scéalta se* ar ár stáir**, gcultúir, ‘s saoirse. Agus ar ndóigh an slí*** a chuireadh*** deireadh leis an tionchar sin. Is fíor gurb íad na scéalta sin atá mar foinse***** don spiorad Ghaelach. An t-anam taismeach****** Ghaelach." * seo ** stair *** an tslí **** a cuireadh ***** mar fhoinse ****** Ní dóigh liom gurb é sin an focal ceart. taismeach = accidental, and then "tragic" by semantic slippage, from "taisme = accident" Maidir le "muise" (agus "mhuise, wisha", etc.) is ón intriacht "A Mhuire!" a tháinig siad. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 107 Registered: 07-2006
| Posted on Sunday, February 08, 2009 - 11:35 am: |
|
Seo leagan ceartaithe duit, a Ardrí, más cúnamh duit é: Smaoineoinn ar an tionchar a bhí ag na scéalta seo ar ár stair, ár gcultúr, agus ár saoirse. Agus ar ndóigh an tslí ar cuireadh deireadh leis an tionchar sin. Is fíor gur foinse iad na scéalta sin don spiorad Ghaelach. An t-anam míchinniúnach Gaelach." Cén fáth a bhfuil "smaoineoinn" agat seachas "smaoiním" nó "bím ag smaoineamh" nó "smaoinimis" (let us think)? don spiorad Ghaelach -- ónar eascair an spiorad Gaelach?? Maidir le "Muise" cheapas-sa i gcónaí gur "más ea" nó "má + is + ea" a bhí ann. Is iomaí duine a déarfadh "Is ea! Más ea. Cuirimis tús leis an obair." Cineál "Yes! Well. Ok. Let's begin the work." Tá abairtín deas tarcaisniúil ann: Mar fhreagra ar "Tá sé an-ionraic." tharlódh go bhfaighfeá an freagra "Tá. Má tá." ag easaontú leis an gcéad ráiteas. "He is. If he is" meaning "He is not." :-) D'fhéadfá "Muise" (Má is ea!) a rá ansin agus an bhrí chéanna aige. Nílim á rá nach ó "A Mhuire" a tháinig "Muise" chomh maith ach b'fhéidir go bhfuil níos mó ná "Muise" amháin ag snámh thart in aigéan seo na Gaeilge. |
|
|
|