ábhar leabhair, a Mhic Leinn. Ag Ríthe a bhíonn Géillsinigh!
ábhar [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] rud a líonann spás agus is féidir a láimhseáil nó a fheiceáil, agus araile; stuif nó substaint fhisiciúil; an stuif a ndéantar rud as, ar nós olann, cailc, cré, agus araile; an rud atá i gceist nó faoi thrácht (ábhar na cainte); cúis (ábhar gáire); cúrsa (tá sé ag imeacht ar a ábhar féin); suim áirithe (ábhar airgid); sileadh i gcneá, angadh; duine a bhfuil tréith nó aidhm ar leith aige (ábhar dea-dhuine, ábhar sagairt); pas, beagán (tá sé ábhar daor).
géillsineach [ainmfhocal firinscneach den chéad díochlaonadh] saoránach faoi ghéillsine.
géillsine [ainmfhocal baininscneach den cheathrú díochlaonadh] dílseacht d'údarás na tíre.
Ní bheidh géillsine ar bith ar siul ann ag Lá na Gaeilge, buíochas le Dia, ach ranganna Gaeilge, cairdeas agus craic.
Agus beidh Ailbhe í féin ann ag seoladh a leabhar "Péacadh" cnuasach filiochta.
Is trua na mbeifeása linn a Aonghuis. B'aoibhinn liom a bheith i do rang. Bíonn tú i do mhúinteoir duinn ar an suíomh seo. Nach deas séimh é sin an tslí ina thug tú an focal ceart do Student?