Author |
Message |
Ailéinr (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, February 03, 2009 - 07:00 am: |
|
Would anyone be able to tell me what sort of dialect was spoken in Clare? Was it more similar to the extant Munster or Connacht dialects or to both? |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 300 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, February 04, 2009 - 07:22 am: |
|
It was similar to the Irish spoken on the Aran Islands, does anyone know when the Clare dialect died out, last speaker? http://www.clarelibrary.ie/eolas/coclare/people/cusack.htm http://www.clarelibrary.ie/eolas/coclare/literature/scribhneoiri.htm There is one book available that teaches the dialect of Clare, but I can't remember the name. Gaeilge go deo!
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 988 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, February 04, 2009 - 08:12 am: |
|
Tá Gaeilge an Chláir idir eatarthu, i ndáiríre. Airítear mar chanúint de chuid na Mumhan í más buan mo chuimhne, ach tá cosúlachtaí láidre aici le Gaeilge na Gaillimhe. Seans go gcuirfeá spéis sa gcur síos seo (an réamhrá go háirithe): http://www.archive.org/stream/toddlectureserie191royauoft/toddlectureserie191roy auoft_djvu.txt There is one book available that teaches the dialect of Clare, but I can't remember the name. "Cúirt an Mheán Oíche"? Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 301 Registered: 10-2007
| Posted on Wednesday, February 04, 2009 - 09:07 am: |
|
After looking on that list on the second link I gave it seems there was a native speaker alive from Clare untill 1987. quote:There is one book available that teaches the dialect of Clare, but I can't remember the name. Here is a picture of the Clare book: http://www.uni-due.de/DI/Dialects_Literature.htm Scoll down you will see it. Gaeilge go deo!
|
|
Taidhgín
Member Username: Taidhgín
Post Number: 104 Registered: 07-2006
| Posted on Wednesday, February 04, 2009 - 09:41 am: |
|
Off the top of my head the last "native speaker" of Clare Irish was Anraí 'a Blác (de Bláca?) of Cill Bheathach, Carraig a' Chobhaltaigh who died back in the '50s. That is not to say that numerous people in that locality do not still know the language. Some do and well. Indeed throughout the county I have the impression that more people know Irish there than in more inland counties. Regarding books on the dialect: a priest, An tAthair Seoirse Mac Clúin, published "Caint an Chláir" in two volumes in the year 19??. Peig mentions that he used come to the Blaskets and visit her in her latter years there. These leads are from memory and may be less than accurate. Go soirbhí Dia sibh. [ May God make you (pl) happy! Cheer you up! :-)] |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 989 Registered: 06-2006
| Posted on Wednesday, February 04, 2009 - 09:59 am: |
|
An chéad imleabhar den saothar céanna ar thug mé nasc dó thuas, a Trigger. Ní féidir an Ghaeilge agus na siombalacha foghraíochta (nó foineolaíochta nó cibé ar domhan iad féin) a aithint i gcónaí, ach ní deacair an Béarla ann a léamh. (Message edited by Abigail on February 04, 2009) Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Guevara
Member Username: Guevara
Post Number: 20 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, February 04, 2009 - 04:16 pm: |
|
Bhí John O'Donoghue file 56 a fuair bás i 2008 ina chainteoir dúchais ó Fáinn óir agus tá leachtóir i gColáiste na nGardaí sa Teampall Mhór ina chainteoir dúchais agus is as Cill Róis é. Is dóigh liom go bhfuil neart cainteoirí dúchais fágtha thart faoi Fáinn óir, Dubhlinn agus Bhaile Uí Bhéocháin agus iad sna caogaidí agus seascaidí anois. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 207 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, February 04, 2009 - 04:24 pm: |
|
quote:Off the top of my head the last "native speaker" of Clare Irish was Anraí 'a Blác (de Bláca?) of Cill Bheathach, Carraig a' Chobhaltaigh who died back in the '50s. I've heard the name from someone who remembered meeting him and speaking with him in the '60s. Whether this particular reminiscence is accurate or not I would find it plausible that the last speaker(s) was/were still around in the sixties. After all, the last native speaker in Tyrone died in 1966, as probably did the last speaker in Louth and Tipperary. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 208 Registered: 04-2008
| Posted on Wednesday, February 04, 2009 - 04:29 pm: |
|
quote:Was it more similar to the extant Munster or Connacht dialects or to both? From the recordings I have heard I would say it was more similar to East Munster, Déise. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 265 Registered: 06-2008
| Posted on Wednesday, February 04, 2009 - 05:54 pm: |
|
Tá corrchainteoir dúchais Gaeilge beo san áit i gcónaí ach b'fhearr leo gan aird an domhain ná aird duine ar bith a tharraingt orthu féin. (Mac dearthár le duine acu a d'inis dom tuairim is deich mbliain ó shoin.) Tuigimis dóibh. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 211 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, February 05, 2009 - 03:58 pm: |
|
Bhí meon traidisiúin riamh ag muintir an Chláir. Níor thuig mé riamh cé chomh sciobtha is a mheath an Ghaelainn sa chontae sin d'ainneoin a treise fós sa chéad leath den fhichiú aois. Tuigim dóibh freisin nach bhfuil fonn orthu iad féin a nochtadh trína meáin chumarsáide ach b'fhéidir go mbeafá, déarfaimis, in ann taifead nó dhó den lucht cainte sin a eagrú dúinn? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 268 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, February 05, 2009 - 07:09 pm: |
|
Mac deatháir an chainteora féin a d'inis dom é. Fuair an mac deartháir sin bás ag aois an-óg tuairim is dhá bhliain i ndiaidh dó insint dom faoin a uncail. Ní rachadh an t-uncail ar téip dó, mhínigh sé dom, agus bhí sé tar éis glacadh leis é féin, nach gcuirfeadh sé tuilleadh brú air ina thaobh. Ní raibh se ceart a dhéanamh, dúirt sé. Ar aon nós, chuala mé cainteoir dúchais Gaeilge as an taobh céanna ar RnaG agus tá blúirín de chaint an taoibh chéanna agam féin agus b'fhéidir ag daoine go leor eile. Creidim go bhfuil. Ar an láimh eile, tá na céadta uaireanta an chloig de chaint an Chláir taifeadta as gach cearn den chontae nuair a bhí cainteoirí dúchais fós thart sna 50-60aidí. Tá tuairim is 200 uair an chloig a mbeinn buartha faoin a gcóípeáil is gcaomhnú, ach ní mé féin amháin atá buartha. Ní féidir le héinne tada a dhéanamh ina dtaobh go fóill, tharla gur i lámha duine príobháideach atá siad agus níl an duine sin sásta iad a ligean chun cóipeála. Tá an-bhailiúchán eolais faoi na cainteoirí go léir i leabhair nótaí agus innéacsanna atá leis an mbailiúchán. Chonaic mé leath na dtéipeanna agus cuid mhaith de na leabhair agus labhraíos leis an duine a bhailigh iad. Ní féidir liom aon eolas eile a roinnt nó is binn béal ina thost, ach le cúnamh Dé agus eile, tiocfaidh an t-am thart a mbeidh cóip díobh in áit ar fónamh sa gcaoi nach gcaillfear an saibhreas ata iontu. |
|
Ailéinr (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Thursday, February 05, 2009 - 12:08 pm: |
|
An-suimiúil! Go raibh maith agaibh as an eolas go léir! |
|