Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8022 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, January 30, 2009 - 03:34 pm: |
|
Bhíos ag caitheamh súil ar leathanach Lughaidh, agus rith sé liom go raibh fir ulchacha thar a bheith fairsing sna pictiúr anseo. An bhfuil aon fhear glan bhearrtha inár measc in aon chor? http://loig.cheveau.ifrance.com/ (ulcha = féasóg, ach is féidir níos mó imeartas focail a bheith agat le ulcha!) |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4382 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 30, 2009 - 11:10 pm: |
|
Bhí fear a thaithíonn an áit seo, a bhfuil grianghraf de chláirseach mar shuaitheantas aige in áit grianghraif de féin, bhí sé ag fonóid faoinár bhféasóga tamall ó shin. Caithfidh go bhfuil seisean glanbhearrtha! "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8028 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 31, 2009 - 10:33 am: |
|
Seans. Ach ina measc siúd atá sásta a ghnúiseanna a nochtadh, tá móramh ag fir féasógacha. Meas tú céard a bheadh le rá ag Freud faoi sin? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8029 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 31, 2009 - 10:35 am: |
|
Céard iad na trí sceana is baolaí amuigh? Freagra amárach nó amanathar. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 195 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, January 31, 2009 - 11:56 am: |
|
"Táid caora is sneachta ar lúth shíor ina g(h)núis..." Dá mbeadh an chaora ar lúth i mo ghnúis bheadh ulcha (beagnach) bhán i bhfeighil uirthi. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4383 Registered: 02-2005
| Posted on Saturday, January 31, 2009 - 11:06 pm: |
|
quote:Céard iad na trí sceana is baolaí amuigh? Níl an tré sin agam... fós. Ach beidh faoin am seo amárach, nach mbeidh? ;-) Idir an dá linn, seo tomhas a bhfuil "scian" mar fhreagra aige: http://www.sengoidelc.com/node/177 "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8030 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, February 01, 2009 - 08:03 am: |
|
Scian fheannta Scian bhearrtha agus scian gréasaí Foinse: http://www.coisceim.ie/200treanna.html Cid as dech de shétaib? Scían, ar is fri céill samailtir. Cad é barr gach seod? Scian, óir is le ciall a samhlaítear í An-deas, ambaist |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2681 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, February 01, 2009 - 09:27 am: |
|
Ba chóir domh pioctúr eile a chur ar mo shuíomh :-) (bhail beidh féasóg orm ar aon nós, ach thiocfadh liom pioctúr níos fearr a dhéanamh) Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8032 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, February 01, 2009 - 10:25 am: |
|
Feicim go bhfuil "deach" ag an Dálach. Mar sin: Cad é deach gach seod? Scian, óir is le ciall a samhlaítear í Níl mé cinnte faoin dara líne sin. Níl sé sách soiléir, ach níl mé cinnte conas feabhas a chuir air. óir is samhail don chiall í b'fhéidir? |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 200 Registered: 04-2008
| Posted on Sunday, February 01, 2009 - 10:40 am: |
|
Cid as dech de shétaib? Scían, ar is fri céill samailtir. Agus "Kinch" an fhuaim oibrithe a chloistear nuair atá an "scian" i mbun anailís a dhéanamh ar cheist éigin dar le húdar cáiliúil. Cé hé nó cérbh é? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8033 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, February 01, 2009 - 10:52 am: |
|
A hOrmhondo ghroí Tá an stuif seo thar mo chiall! |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4384 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, February 01, 2009 - 12:38 pm: |
|
quote:Cad é deach gach seod? Scian, óir is le ciall a samhlaítear í Níl mé cinnte faoin dara líne sin. Níl sé sách soiléir, ach níl mé cinnte conas feabhas a chuir air. Ní dóigh liom go bhfuil fadhb ar bith leis an dara líne (ach amháin go bhfuil séimhiú ag teastáil: a shamhlaítear). B'fhearr liom, áfach "rogha" nó "togha" a úsáid in áit "deach": Cad é rogha na seod? Scian, óir is le ciall a shamhlaítear í. Seo leagan nua-aimsearach den dara líne: Scían Swiss Army, óir is leis an intinn a shamhlaítear í. “One aspect of EP [Evolutionary Psychology] thought is the view of the mind as made up of specialised modules; the metaphor of a Swiss army knife is a popular one for this idea. Like a Swiss army knife, which has many tools, each designed for a specific purpose, the mind is considered to consist of many modules, each evolved for an adaptive purpose. Examples include a language module and a 'theory of mind' module.” http://www.thegreatdebate.org.uk/ModernTheoryCH.html "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 8038 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, February 02, 2009 - 09:46 am: |
|
Bhí fúm fanacht chomh gar agus b'fhéidir don mbunleagan. (Agus cur le mo stór focail - níor chuala "deach" riamh cheana, agus caraim focail nua!) |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 204 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, February 03, 2009 - 12:19 pm: |
|
Nárbh ábhar iontais é muna raibh scian dá lethéid ag Séama Seoigh agus é adhlactha san Eilbhéis? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|