mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2009 (January- February) » Archive through February 02, 2009 » Scóráil Sciobtha - Oíche ghrámhar do Lá Vailintín « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Asarlaí
Member
Username: Asarlaí

Post Number: 232
Registered: 01-2005


Posted on Thursday, January 29, 2009 - 07:36 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

... tógtha ó Ghaelport.com

Más duine singil thú, b’fhéidir nach mórán taitnimh a bhaineann tú de gnáth as Lá Fhéile Vailintín, ach ní gá go mbeadh sé seo amhlaidh do Lá Fhéile Vailintín 2009. Beidh Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge ag tabhairt Gaeilgeoirí singile na cathrach le chéile d’oíche ghrámhar lán le craic agus spraoi ar Déardaoin 12 Feabhra!

‘Scóráil Sciobtha’ atá mar ainm ar an oíche, ina dtiocfaidh fir agus mná na príomhchathrach le chéile in Íoslach na Comhdhála chun casadh ar dhaoine eile, as Gaeilge. Tabharfar uimhir ar leith do gach duine a ghlacann páirt, agus beidh trí nóiméad acu chun dul i bhfeidhm ar an duine trasna an bhoird uathu, buailfidh an cloigín tar éis trí nóiméad agus líonfaidh an bheirt isteach foirm aiseolais chun fáil amach ar airigh siad splanc an ghrá eatarthu. Má bhraitheann an bheirt an splanc, déanfaidh Cupid na Comhdhála é sin a chur in iúl dóibh ag deireadh na hoíche.

Íocfaidh na rannpháirtithe EUR 5.00 chun páirt a ghlacadh, agus bronnfar an t-airgead a thuillfear ar an oíche don chumann carthanachta ‘CROÍ’. Geallaimid go mbeidh ceol, craic, cluichí agus spraoi le fáil ar an oíche! Chun páirt a ghlacadh san oíche, is gá go mbeifeá os cionn 18 mbliana d’aois, agus de bharr go mbeidh spás teoranta ann, is gá clárú roimh ré, trí r-phost a chur chuig Brígíd Ní Ghríofa ag . Ná bígí cúthail!!



©Daltaí na Gaeilge