Mo leithscéal má tá duine eile tar éis an scéil a chur amach cheana, ach ní rabhas anseo le tamall!
Fuair mé an t-eolas seo ar maidin ;
Tá Tuarthéacs Gaeilge (Irish predictive text) anois ar fáil saor in aisce ar gach fón póca, níl le déanamh ach cuairt a thabhairt ar
http://wap.teacs.ie/ ar bhrabhsálaí WAP nó gréasáin do ghutháin agus é a íoslódáil.
Cé go bhfuil an feidhmchlár á chur ar fáil ag Vodafone, tá sé ar fáil mar íoslódáil saor in aisce do gach úsáideoir fóin phóca, is cuma cén bealach atá agat nó cá bhfuil tú i do chónaí. Níl le déanamh ach próiseas simplí agus iomasach a leanúint trí chuairt a thabhairt ar
http://wap.teacs.ie/ agus dul trí na treoracha simplí, atá curtha ar fáil, céim ar chéim. Agus é suiteáilte, tá an custaiméir in ann Téacs a oscailt ar a f(h)ón agus téacsáil leo i nGaeilge.
Tuilleamh eolais:
http://www.teacs.ie/ Scaipigí an scéal!