Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 08:17 am: |
|
A chairde, An bhfuil an leabhar seo léite aige duine ar bith agaibh? Bhíos ag smaoineamh ar a cheannach ach is maith liom léirmheas nó dhó a léigheamh roimh ré. Chonaiceas corr rud ar líne ach rud ar bith i gcló. Has anyone read this book? What is it like? |
|
Rg_cuan
Member Username: Rg_cuan
Post Number: 347 Registered: 04-2007
| Posted on Wednesday, January 14, 2009 - 11:05 am: |
|
Tá sé agam agus caithfidh mé a rá gur leabhar an-spéisiúil é. Tugann sé léargas maith ar an Ghaeilge a bhí i Reachlann tráth agus tá na scéaltaí sultmhar fosta! Mholfainn duit é a fháil má tá suim agat in oidhreacht an cheantair sin. |
|
Lagunta (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Wednesday, January 14, 2009 - 11:56 am: |
|
Tá an leabhar seo agam, agus léite agam. Bhain mé an-sult as mé féin. Tá na scéalta an-deas. I mo thuairim féin comhlíonann an leabhar seo trí rud: 1. Scéalta deasa Gaeilge ón oileán a chur ar fáil - oidhreacht sheanchais; 2. Léargas ar an chineál Gaeilge a bhí ann go dtí ar na mallaibh - oidhreacht teanga; 3. Léiríonn sé an nasc láidir atá ann idir canúintí / teangacha na Gaeilge (ag brath ar do dhearcadh - canúintí i mo bharúil-se) - sin gur doras isteach chuig Gaeilge na hAlbain é do Ghael na hÉireann. Taispeánann sé cé chomh fairsing is a bhí an teanga gan bhriseadh ar fud fad an oileán, go dtí ar na mallaibh. Molaim féin go hard é. |
|
Oileanach (Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, January 20, 2009 - 03:33 am: |
|
Is e an rud a chuir iontas ormsa na ce chomh cosuil a bhi na leagain le cheile seachas a mhalairt, |
|