Author |
Message |
(Unregistered Guest) Unregistered guest Posted From:
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 06:25 am: |
|
Cé hiad na siopaí leabhar is fearr i mBÁC nó i Luimneach chun leabhar as Gaeilge a cheannach? GRMA. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 280 Registered: 10-2007
| Posted on Monday, January 12, 2009 - 04:44 am: |
|
I mBaile Átha Cliath, sílim go mbeadh a fhios ag Abigail fá sin. Gaeilge go deo!
|
|
Buachaill_rua
Member Username: Buachaill_rua
Post Number: 26 Registered: 02-2008
| Posted on Monday, January 12, 2009 - 11:30 am: |
|
i mBÁC. Conradh na Gaeilge 6 Sráid Fhearchair Baile Átha Cliath 2 https://cnag.ie/index.php?page=shop |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7882 Registered: 08-2004
| Posted on Monday, January 12, 2009 - 03:18 pm: |
|
Sin é. Seachas sin tá réimse measartha ag Hodges Figgis i Sráid Dawson, ach ná cuir d'am amú aon áit eile! Tá Cúpla Focal ann i mBré. www.cuplafocal.ie |
|
An_dreoilín
Member Username: An_dreoilín
Post Number: 4 Registered: 08-2008
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 08:34 am: |
|
An Celtic Bookshop 2 Rutland Street Limerick City |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 958 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 02:58 pm: |
|
Is réidh mar a ghéillfinn do mhuintir an bhaile féin, a Thrigger! Siopa Chonradh na Gaeilge go deimhin, agus aontaím go bhfuil Hodges Figgis go réasúnta maith. I gcead d'Aonghus ní miste spléachadh a thabhairt ar Easons mhór Shráid Uí Chonaill ach oiread (ach is beag seans go mbeidh earra ar bith ag ceachtar acu sin nach mbíonn i siopa an Chonartha chomh maith.) Más leabhra ar athláimh atá uait tá cuid ag Cathal Books i Sráid an Diúic. Ar a luach a dhíolann sé na leabhra agus ní ar shladmhargadh é, ach má theastaíonn seanleabhar faoi leith uait ní miste dhuit breathnú ansin. Sin mar a bhfuair mé mo chóip de lámhleabhar an Chaighdeáin sa deireadh. Dála an scéil, a chairde, chuaigh díom "Foinse" féin a fháil i mBÁC inné - thugas cuairt ar nílfhiosamcémhéid siopaí nuachtán i lár na cathrach i gcaitheamh an lae, agus ní bhfaigheann siad é 'chor ar bith (an mhórchuid) nó na cinn a fhaigheann, bhí sé díolta amach acu cheana féin. Is léir gur chóra dom dul sa tóir air nuair a thuirling mé sa tír maidin Dé Domhnaigh, ach bhí tuirse taistil orm agus is beag difear a shíl mé go ndéanfadh lá amháin. Oh well. Ciall ceannaithe agam anois, mura bhfuil nuachtán! (Sibhse a fhaigheanns é, an raibh aon díol spéise faoi leith san eagrán reatha, nó an mar sin a bhíonns sé i gcónaí?) Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7899 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 04:36 pm: |
|
Theip ormsa cóip a fháil freisin - rinne siad dearmad cóip a chuir i leataobh dom. Ar bhain tú triail as Reads i Sráid Thobar Phádraig? Is iondúil carn ollmhór acu. |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 960 Registered: 06-2006
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 05:11 pm: |
|
Bhain, i dtreo dheireadh an lae... bhí mise agus cara liom amuigh ar thóir dinnéir nuair a luaigh mé an tseilg dhíomúch a bhí agam an lá sin. Ba é Reads a chomhairle seisean agus stop muid ansin ar an mbealach, ach b'fhuar againn é. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7906 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 05:12 pm: |
|
Ní bhainfidh mé triail as mé fhéin mar sin. Caithfidh sé go raibh rith dochreidte air! |
|