Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7863 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 10, 2009 - 09:15 am: |
|
Nod ar dtús Naoi nDiúltaidh na Gaeilge Amh agus an agus eas É,do,dí, ní hord dímheas; Neamh,ing,mí, ní ord ceilge Naoi nDiultaidh na Gaoidhilge
Anois, cén rud atá dubh, ainneoin é bheith sna Flaithis? |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 158 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, January 10, 2009 - 01:30 pm: |
|
Aingeal, an ea? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 159 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, January 10, 2009 - 01:40 pm: |
|
Dar leis an bhfiach dubh gur aingeal é a ghearrcach. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7865 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 10, 2009 - 02:21 pm: |
|
sin é! Fútsa tomhas a sholáthar anois |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 161 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, January 10, 2009 - 03:44 pm: |
|
quote:Triúr manach a thug diúltú don saol. Téann siad ins an fhásach chun aithrí a dhéanamh ina gcuid peacaí roimh Dhia. Bhí siad gan labhairt lena chéile go ceann bliana. Ansin dúirt fear díobh le fear eile bliain amháin ina dhiaidh sin, “Táimid go maith,” ar seisean. Mar sin go ceann bliana. “Is maith go deimhin,” arsa an dara fear. Bhí siad ann ina dhiaidh sin go ceann bliana. “Dar m’aibíd,” arsa an treas fear, “mura ligeann sibh ciúnas dom fágfaidh mé an fásach uile daoibh!” Agus, dar ndóigh, d'fhág sé an fásach an tseachtain dar gcionn d'aineoinn an bheirt eile a bheith ina dtost idir an dá linn. "Thánamar isteach anseo mar gheall ar an diúltadh agus mar sin de, tá's agaibh," arsa an tríú manach agus é ag chur slán leis an mbeirt eile, "ach anois táim ag dul abhaile chun na Gaeilge a fhoghlaim (manach Breatnach ea ba an ceann seo). Mar ní san fhásach ach sa Ghaeilge is luaithe a n-aimsítear an rud a chuirfinn "buaic na ndiúltadh" air." Cad a bhí i gceist aige? (Message edited by ormondo on January 10, 2009) Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 163 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, January 10, 2009 - 04:22 pm: |
|
quote:...agus é ag chur slán leis an mbeirt eile... Ná bígí curtha amú! ...agus é ag cur slán leis an mbeirt eile... Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7868 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 07:58 am: |
|
quote:Mar ní san fhásach ach sa Ghaeilge is luaithe a n-aimsítear an rud a chuirfinn "buaic na ndiúltadh" air." Neamh? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7876 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 03:00 pm: |
|
An mó casadh eile atá le baint as an rann úd? Camchuairt diúltach an ré, aoinne? |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 166 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 08:23 am: |
|
quote:Neamh? Go díreach! An freagra naofa. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7888 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 08:30 am: |
|
Roinnt eile Uisce diúltach le fána? Beatha diúltach gan fuineadh? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7913 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, January 14, 2009 - 03:48 pm: |
|
Ó bhuel. Camchuairt diúltach an ré | mí | Uisce diúltach le fána? | eas | Beatha diúltach gan fuineadh? | amh |
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 168 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, January 15, 2009 - 08:34 am: |
|
Mnáire mé nach bhfuaireas amach iad ach táim féin ar chamchuairt faoi láthair agus mé ag brath ar na caiféanna idirlín. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7919 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 15, 2009 - 08:47 am: |
|
Tuigim dhuit. Bhíos ag súil go mbeadh lámh ag duine nó beirt eile san spraoi, ach ní raibh. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4367 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, January 15, 2009 - 07:20 pm: |
|
Maithigí dom mo neamhláithreacht. Ascaill na bliana é an séasúr seo, i mo bharúil féin. Tá muid faoi bhrat ceo anseo i Seattle agus ní féidir liom mo dhóthain tae agus caife a ól le m'intinn a choinneáil géar. (Fianaise: scríobh mé "gearr" in áit "géar" ar dtús!). "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|