Author |
Message |
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4352 Registered: 02-2005
| Posted on Friday, January 09, 2009 - 09:50 pm: |
|
Tá an suíomh seo ag dul ó neart go neart: http://www.smo.uhi.ac.uk/sengoidelc/donncha/triar_manach/ilteangach/teangacha.ht ml Dála an scéil, scríobh mé "Hindis" in áit "Hiondúis" ansin, agus fuair mé litir ó Stiofán Ó Deoráin inniu á rá liom go mbeidh an Coiste Téarmaíochta ag plé an fhocail seo “an tseachtain seo chugainn, le cuidiú Dé”. Ainm eile atá ár gcrá ná "Apsáalooke". "Crow" a thugtar ar an teanga Mheiriceánach sin i mBéarla, agus tá an t-aistritheoir sásta le "Cró" i nGaeilge. Ach déanta na fírinne, níl Caoimhín ná mise chomh sásta céanna. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 390 Registered: 04-2008
| Posted on Friday, January 09, 2009 - 10:39 pm: |
|
Arbh fhearr "Préacháinis" a thabhairt uirthi? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7861 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 10, 2009 - 07:30 am: |
|
An gá Gaeilge a chuir ar in aon chor? Teanga Phobal na XXXX a mholfainn |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7862 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 10, 2009 - 07:36 am: |
|
Tá fasach ann d'athrú - i. Mumbai/Bombay, Beijing/Peking agus mar sin de. Teanga na nApsálooc? |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 160 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, January 10, 2009 - 02:35 pm: |
|
quote:Tá fasach ann d'athrú... ...nó fásach d'athraithe ann? Dá mbeadh na hApsáalooke ina gcónaí i Snámh-dá-én chuirfidis Gearrcaigh-éin-mhóir-each ar a dteanga is dócha. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7867 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, January 10, 2009 - 03:10 pm: |
|
Fásach fasaigh? Agus fastaím fosta, go fírinneach. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 162 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, January 10, 2009 - 04:10 pm: |
|
Fastaím dhlíodóra, déarfainn, mura ligtear isteach dó i mbeanfeast fiosrúcháin éigin, is dócha, Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 240 Registered: 06-2008
| Posted on Saturday, January 10, 2009 - 05:10 pm: |
|
Rud éigin ar nós 'Apsálócais' ar 'theanga na nApsálóc', déarfainn. (Tá mé ag déanamh lagiolra de, cé go bhfuaimnítear an guta deiridh de réir na Vicipéide.) Dá dtuigfimis a dteanga siadsan is dóigh go dtabharfaimis 'Aos an Olléin' orthu. Is maith liom é. |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2641 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, January 10, 2009 - 05:30 pm: |
|
Tá uaschamóg do dhíth fá choinne 'n aistriúcháin i mBriotáinis: "tri manac'h" ba cheart a bheith ann. Ní hionann ch agus c'h i mBriotáinis : ch = s caol na Gaeilge; c'h = ch leathan na Gaeilge. Agus ins an scéal féin, tá cupla meancóg agus rud nár húradh go ceart, mo bharúil. (Message edited by Lughaidh on January 10, 2009) Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 164 Registered: 04-2008
| Posted on Saturday, January 10, 2009 - 06:21 pm: |
|
quote:'Aos an Olléin' Tá leagan fileata dea-fhoghrach cumtha agat ansin. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7869 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 07:59 am: |
|
Béarla an Olléin, mar sin? Nó Olléinbhéarla? |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 244 Registered: 06-2008
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 08:53 am: |
|
B'fhearr liom an chéad cheann agat a Aonghuis, mar ní maith liom cumasc, le hais aonad an ainmfhocail, abair. Chomh maith leis an méid sin, is fearr liom 'teanga' ná 'béarla'. Bheadh orainn 'muintir' nó a leithéid a chur leis agus chaithfeadh muintir na Gaeilge a thuiscint cérbh iad 'muintir an Olléin' sula mbainfidís feidhm as an leagan. Is dócha go dtiocfaidh 'an Apsálócais agus 'muintir na hApsálócaise' chun tosaigh i ndeireadh báire. Dennis agus Caoimhín a shocróidh a bhfuil i ndán do cibé leagan acu thar a chéile. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7874 Registered: 08-2004
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 11:00 am: |
|
Ar Béarla Féine (fch Dinneen) a bhíos ag smaoineamh, ach dar ndóigh is annamh an chiall leathan le Béarla ar na saolta seo. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4353 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 02:04 pm: |
|
quote:"Préacháinis" Chuaigh mé go Wikipedia le haghaidh treorach. San alt i bhFraincis fuair mé "Le crow est une langue...", agus i Spáinnis "Los crow, llamados en su propria lengua...." Is cosúil go bhfuil na Gearmánaigh sásta an focal "crow" a aistriú: "Krähen-Indianer, Crow oder Absaroka". quote:Rud éigin ar nós 'Apsálócais' ar 'theanga na nApsálóc', déarfainn. Pléifidh mé an moladh seo le Caoimhín. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4354 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 02:16 pm: |
|
quote:Tá uaschamóg do dhíth fá choinne 'n aistriúcháin i mBriotáinis: "tri manac'h" ba cheart a bheith ann. O, cinnte! GRMA! quote:Agus ins an scéal féin, tá cupla meancóg agus rud nár húradh go ceart, mo bharúil. Ar mhiste leat na meancóga seo a shonrú? Is teangeolaí Ceilteach é Albert Bock, Ostarach a d'fhoghlaim an teanga. Níl a fhios agam cén áit agus níl aithne phearsanta agam air. Ní féidir liomsa cruinneas a chuid Briotáinise a mheas. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4357 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 07:28 pm: |
|
quote:Rud éigin ar nós 'Apsálócais' D'athraigh muid go h Apsálóiceis é, go sealadach ar aon nós. \əpsaːloːke\ a deirtear sa teanga féin. Is work in progress ("obair ar siúl'?) é seo ó bhun go barr agus tá muid sásta athrú ar bith a dhéanamh a chuirfidh feabhas air. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4358 Registered: 02-2005
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 07:38 pm: |
|
Dála an scéil, chuir muid leagan Coirnise ar an idirlíon cúpla nóiméad ó shin, a bhuí le Ben Bruch (Harvard, Uni Wien). "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2642 Registered: 01-2005
| Posted on Sunday, January 11, 2009 - 07:46 pm: |
|
Ceart go leor. quote:Tri manac’h o doa troet o c’hein d’ar bed. B'fhearr "o doa troet kein d'ar bed" quote:Mont a reont d’ul lec’h didud da zasprenañ o fec’hedoù digant Doue. "Aet e oant", in áit "mont a reont" quote:E-pad bloaz ne gomzent ket an eil ouzh egile. E-pad bloaz n'o doa ket lavaret ger ebet an eil d'egile. quote:Neuze, bloaz goude, unan anezho a lavare d’egile: “Mat a reomp”, emezañ. in áit "Mat a reomp", déarfainn "Brav eo deomp". (Nuair a léigh mé "mat a reomp" sa chéad uair, níor thuig mé cad é a bhí i gceist, siocair go gciallann sé "ghníonn muid maith"). quote:Er memez mod bloaz goude. Memes mod bloaz goude. quote:“Ya, mat-kenañ”, eme an den all. "Ya, brav eo deomp" quote:Goude-se e choment eno bloaz ouzhpenn. Goude-se e oant chomet eno memes mod e-pad ur bloaz ouzhpenn. quote:“Le a ran, dre va c’hougoul!”, eme an trede den, “ma ne roit ket peoc’h din, me a zilezo ac’hanoc’h en gouelec’h-mañ”. "M'en tou en anv va c'hougoul!", eme an trede den, "ma ne roit ket peoc'h din, ez in kuit hag e tilezin ac'hanoc'h er gouelec'h-mañ !" Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4359 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 12, 2009 - 11:57 am: |
|
Go raibh maith agat as na moltaí sin uilig! Anois, caithfidh mé dul i gcomhairle leis an gcéad aistritheoir. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Badhbh
Member Username: Badhbh
Post Number: 5 Registered: 12-2008
| Posted on Monday, January 12, 2009 - 03:35 pm: |
|
http://www.native-languages.org/crow.htm "Crow is a Siouan language of the Great Plains, spoken today by more than 4000 people in Montana. In their own language, the people call themselves Apsaaloke or Absaroke." Crow an aistriúcháin a thug na daoine geala uirthi. Má thaistaíonn aistriúchán ansin bíodh sé cosúil lena dteanga fhéin. An teanga Apsaaloke. |
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 245 Registered: 06-2008
| Posted on Monday, January 12, 2009 - 06:56 pm: |
|
Ar an leagan fogharscríofa \əpsaːloːke\ a d'fhágas an 'c' leathan a Dennis. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4360 Registered: 02-2005
| Posted on Monday, January 12, 2009 - 09:00 pm: |
|
quote:Ar an leagan fogharscríofa \əpsaːloːke\ a d'fhágas an 'c' leathan a Dennis. Ach ní dóigh liom go ndéantar idirdhealú ar leathan agus caol sa teanga sin, agus is dóigh liom go mbeadh Apsálócaeis sách ciotach. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Smac_muirí
Member Username: Smac_muirí
Post Number: 247 Registered: 06-2008
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 06:39 am: |
|
Níor ghá an 'e' sa leagan deireadh san, Apsálóca(e)is, a Dennis, ná sa leagan eile thuas, Apsálóiceis. Níl sé ag déanamh aon ní. D'fhágfadh sé sin Apsálócais nó Apsálóicis, ag brath ar leithead nó ar chaoile an chonsain, /k/ nó /k'/. |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4361 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 12:14 pm: |
|
Caithfidh mé dul i gcomhairle le Randolph Graczyk faoi seo, ós eisean an duine a labhraíonn Apsáalooke. Is suimiúil an duine é. Is sagart Proinsiasach é a bhfuil PhD i dteangeolaíocht ó Ollscoil Chicago aige. Tá post aige ar an gCrow Reservation i Montana le fada. Scríobh sé A Grammar of Crow a foilsíodh sa bhliain 2007. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 581 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 02:02 pm: |
|
Ba suimiúla é dhá mbeadh an chéim seo bainte amach aige théis a ghoil sna sagairt dhó. Ab é sin a scéal? 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4362 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 03:29 pm: |
|
Sea. Chuaigh sé sna sagairt sa bhliain 1970 agus thosaigh sé ag staidéar teangeolaíochta san ollscoil i 1982. Bhain sé céim MA amach agus chuaigh sé ar ais go Pryor, Montana. Rinne sé níos mó staidéir agus bhain sé céim PhD amach i 1992. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4363 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, January 13, 2009 - 06:23 pm: |
|
quote:B'fhearr "o doa troet kein d'ar bed" GRMA arís, a Lughaidh. Cuireadh na moltaí seo faoi bhráid Matthieu Boyd ag Harvard. Dúirt sé go bhfuil an méid a scríobh tusa i bhfad níos nádúrtha ná an chéad leagan. Agus mhol seisean dhá athrú eile: bloavezh in áit bloaz agus unan anezho en deus lavaret/lavaras d'egile in áit unan anezho a lavare d'egile. “Mae'r ail fersiwn yn well o lawer, yn fwy naturiol (a mae Eva Guillorel yn cytuno a fi). Hefyd, byddai "bloavezh" yn well na "bloaz" yn y cystrawn "e-pad ur bloaz" neu "e-pad ur bloaz ouzhpenn" (dydy "bloaz" ddim yn hollol anghywir, ond mae'r gwahaniaeth fel yr un ysydd rhwng "dydd" ha "diwrnod"), a "unan anezho en deus lavaret d'egile" (neu "a lavaras", sy'n fwy ffurfiol) na "unan anezho a lavare d'egile" ("a lavare" yw'r amherffaith).” Ag an bpointe seo tá trí chócaire tar éis a ladar a chur sa phota seo. Tá mé cinnte anois go bhfuil an t-anraith ar fheabhas! An bhfuil cead agam d'ainm a lua mar chomh-aistritheoir? (Message edited by dennis on January 13, 2009) "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4366 Registered: 02-2005
| Posted on Wednesday, January 14, 2009 - 05:16 pm: |
|
A Sheosaimh, chuir mé an cheist ar Randy, agus dúirt sé: “when a suffix is added to Apsa'alooke, the final e is deleted. So I think the version without the e would be preferable.” Apsálóicis a bheas ann mar sin. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7916 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 15, 2009 - 06:15 am: |
|
Apsálóicis Tá sin cosúil le ainm an leabhair deiridh sa Bhíobla! |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 167 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, January 15, 2009 - 08:18 am: |
|
An apacailipsis apacrafúil nó an ceann eile? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7917 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, January 15, 2009 - 08:19 am: |
|
Ceann Eoin. |
|