Le Doire Trasna ar an Irish Gaelic Translator, Mí Eanáir 2008:
Mo Mhadadh Beag leis an Fhear Bhán : Seaghán Bán Mac Grianna (deartháir do Sheosamh & do Shéamas)
Luím ar mo leabaidh
'Gus ní chodlaím aon néal go maidin,
Ach a' meabhrú ar mo mhadadh bheag
A d'imigh uaim sa scarthanaigh.
Curfá:
Och, och, mo mhadadh beag,
Och, och, mo mhadadh beag,
Tá piachán in mo sceadamán
A' scairtigh ar mo mhadadh bheag.
A choileáin bhig a bhí soineanta,
'S a bhi stuama, críonna, cineálta,
D'imigh tú uaim le bánú 'n lae,
'S níor phill tú 'riamh ó shin orm.
A choileáin a bhí i ngeall orm,
Pill arís 's ná feall orm,
Nó rachaidh mé 'n éag le cumhaidh 'do dhiaidh,
Mur' bpille tú ar ball orm.
Is iomaí maidin Shamhraidh orú,
'Sheol tú amach na gamhna domh
Chun 'tsléibhe ruaidh is éan na cuaiche
A' seinm ceoil 'sna gleanntáin dúinn.
Tá 'n eala ar loch na carraige,
Tá bric ar loch a' charbaid,
Tá fir a' gabháil chun farraige,
I mbádaí is seoltaí geala orthu.
Gealladh coileán eile domh
Ar acht mo chur ó mhairgnigh,
Ach ní thiocfaidh a choíche ceann eil' chun tí,
Ó chaill mé féin mo mhadadh beag.
Le Redwolf ar an gclár céanna:
http://www.youtube.com/watch?v=dyWNJFIUF4M Bhéarfaidh nasc sliosach thú chuig amhrán eile agus chuig chuntas ar bhua Thír Eoghain anuraidh:
http://www.youtube.com/watch?v=ffn2MXc6LJo&NR=1