Author |
Message |
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 571 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 05:33 am: |
|
A chairde, Mo chuid beannachtaí chugaibh go léir! Bainigí sult agus sásamh as an bhur gcuid leathanta saoire (má tá siad sin i gceist agaibh) agus go raibh an bhliain nua thar a bheith go maith agaibh! Peter (Message edited by peter on December 30, 2008) 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'
|
|
Asarlaí
Member Username: Asarlaí
Post Number: 216 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 07:09 am: |
|
Ceann deas, Peter agus gurb amhlaidh duitse. Ach ní thuigim, cén fáth go scríobhfá 'Hanukkah' ar foram Gaeilge. Nach eol duit an drochscéal atá ag teacht amach as an Phalaistín? |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 268 Registered: 10-2007
| Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 07:23 am: |
|
Asarlaí > Cad chuige nach mbíonn tú ar IGT na laetha seo? Is fada an lá ó chonaic mé ansin thú. Gaeilge go deo!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4334 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 03:10 pm: |
|
quote:Ach ní thuigim, cén fáth go scríobhfá 'Hanukkah' ar foram Gaeilge. A. Creid é nó ná creid, tá Giúdaigh ann a bhfuil Gaeilge acu. B. Is féile Giúdach é Hanukkah, ní lá náisiúnta Iosraelach. C. Tá Gaeil ann nach bhfuil ar aon intinn leat maidir lena bhfuil ag titim amach idir Hamas agus Israel. Is fearr dúinn gan an t-ábhar seo a tharraing anuas dá bharr sin. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 572 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 03:15 pm: |
|
Asarlaí, Tá Hanukkah ar siúl ag go leor daoine ar fud an domhain mhóir ar an bhfad seo agus tá chuile sheans go bhfuil Gaeilge ag daoine den dream seo chomh maith. Beir bua 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'
|
|
Peter
Member Username: Peter
Post Number: 573 Registered: 01-2006
| Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 03:17 pm: |
|
Dennis, Tharla go raibh tú níos scioptha ná mise! 'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'
|
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 152 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 06:58 pm: |
|
quote:Is fearr dúinn gan an t-ábhar seo a tharraing anuas dá bharr sin. Is uafásach a bhfuil ar siúl faoi láthair sa Mheán Iarthar ach tá ceart agat, a Dhennis. Glacaimis leis an gcomhairle. Agus maidir leis an nGaeilge, seo é sliocht as agallamh le Cocor O'Clery ar Beo.ie: http://www.beo.ie/?page=agallamh_beo&content_id=751 quote:An Meánoirthear Agus é sa Mheánoirthear, bhuail Conor le fear i dteach tábhairne dtuaisceart Iosrael, tráth a raibh Arm na hÉireann mar chuid de UNIFIL i 1979. Bhíodh Conor ag taisteal ar fud dheisceart na Liobáine agus thuaisceart Iosrael ag an am agus isteach leis i dteach tábhairne lá amháin agus thosaigh ag caint le ball de Fhórsaí Cosanta Iosrael a bhí ann. “An rud ab’iontaí faoi ná go raibh Gaeilge líofa aige!” ar sé. “Ba é an jab a bhí aige ná a bheith ag éisteacht le saighdiúirí na hÉireann ag caint ar an raidió mar gur labhair siad i nGaeilge.” Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Axel (Unregistered Guest)
Unregistered guest Posted From:
| Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 07:52 am: |
|
Is féidir leis 'Hanukkah' a rá má tá sé ag iarraidh. Níl mise in aghaidh féiltí Iudacha. Tá súil agam go raibh Nollaig Shona agatsa freisin a Pheter. |
|
Asarlaí
Member Username: Asarlaí
Post Number: 217 Registered: 01-2005
| Posted on Tuesday, December 30, 2008 - 08:57 pm: |
|
Dennis, Níor thug mé tuairim ar bith ó thaobh na polaitíochta de. Is é sláinte fisiciúla agus meabhairshláinte na ngnáthdaoine sa cheantar atá ag cur imní mhór orm. Iosraelach agus Palaistíneach mar an gcéanna. Trigger, IGT? 'sea, mothaím an seanáit uaim. Níl ann ach sos beag, 'beidh mé ar ais', lá éigin. Go n-éirí leat a Peter |
|
Ardri
Member Username: Ardri
Post Number: 20 Registered: 02-2007
| Posted on Wednesday, December 31, 2008 - 05:27 am: |
|
Beannacht Dé ort, a Pheadar. Bhaineas go leor taitneamh as an nollaig seo. Fuairas dhá leabhar iontach "Fiche Bliain ag fás" agus leabhar greannmhar ach suimiúil "English-Irish Slang" agus é lán le mallachtaí Gaelach! Ghéillfinn fé cheist fíre cúpla dena h-abairtí atá luaite ach ar an hiomlán táim curtha go hiomlán ar! Orddan ocus tocad duit!
|
|