Author |
Message |
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 256 Registered: 10-2007
| Posted on Friday, December 05, 2008 - 05:41 pm: |
|
Haigh a chairde Cad é mar a déarfá é seo i nGaeilge, gortann mo cheann fá láthair agus níl mé cinnte. ''I am used to'' Examples: I am used to speaking Donegal Irish I'm not used to it Go raibh maith agaibh. (Message edited by Trigger on December 05, 2008) gaeilgeoir.blogspot.com
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7780 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, December 05, 2008 - 05:44 pm: |
|
Táim i dtaithí ar X Nílim i dtaithí ar X |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 257 Registered: 10-2007
| Posted on Friday, December 05, 2008 - 05:49 pm: |
|
Bhí sin iontach gasta ar fad - GRMA a Aonghuis. gaeilgeoir.blogspot.com
|
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2581 Registered: 01-2005
| Posted on Friday, December 05, 2008 - 06:24 pm: |
|
A Thrigger, in Ultaibh chan dóigh liom go n-úsáidtear an abairt a mhol Aonghus. Síleam féin go n-abróchaí "Is gnách liom Gaeilg Uladh a labhairt". agus "Cha gnách liom é". Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7781 Registered: 08-2004
| Posted on Saturday, December 06, 2008 - 01:35 pm: |
|
Bheadh an t-abairt sin agamsa freisin (nó fosta!) Ach tá miondifear sa chiall, dar liom. Gnás = rud a dhéantar go minic i dtaithí = ar do chompord le (Message edited by aonghus on December 06, 2008) |
|
Lughaidh
Member Username: Lughaidh
Post Number: 2582 Registered: 01-2005
| Posted on Saturday, December 06, 2008 - 01:54 pm: |
|
A, char smaoitigh mé ar an dá chéill atá le "to be used to" i mBéarla... Learn Irish pronunciation here: http://loig.cheveau.ifrance.com/irish/irishsounds/irishsounds.html & http://fsii.gaeilge.org/
|
|