mainoff.gif
lastdyoff.gif
lastwkoff.gif
treeoff.gif
searchoff.gif
helpoff.gif
contactoff.gif
creditsoff.gif
homeoff.gif


The Daltaí Boards » Archive: 2005- » 2008 (November-December) » Archive through December 30, 2008 » Faimilí « Previous Next »

Author Message
Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 566
Registered: 01-2006


Posted on Wednesday, December 03, 2008 - 06:40 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Haigh!

Is maith is cuimhneach liom an diospóireacht theasaí a thosaigh tamall maith ó shoin ar an gclár plé seo mar gheall ar an nGaeilge ba chóir a chur ar "family" an Bhéarla. Níl mé ag iarraidh ach nath amháin a chur ar bhur súile dhaoibh, leagan maith a bhfuil eolas agaibh air, cinnte. Chuartaigh mé anseo é ach ní raibh aon trácht air san am sin, de réir cosúlacht.

Is é "líon tí" é ar tháinig mé air sa leabhairín beag bídeach "The Linguaphone Irish Course" a chuir Tomás Ó Máille agus Mícheál Breathnach i dtoll a chéile sa mbliain 1928. Sin peaca mór nach bhfuil gramophone record agam léithi :) An bhfuil an saibhreas sin ag aon duine agaibh?

Peter

'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Aonghus
Member
Username: Aonghus

Post Number: 7774
Registered: 08-2004


Posted on Wednesday, December 03, 2008 - 08:22 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá an nath úd cloiste agam.
Ach is "an méid duine atá sa teach" an tuiscint a bhainfinn as, i. ní gá gaol a bheith idir baill líon tí.

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Dennis
Member
Username: Dennis

Post Number: 4314
Registered: 02-2005


Posted on Wednesday, December 03, 2008 - 12:34 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Agus tá "lán an tí" san amhrán a ndearna mé tagairt dó anseo cúpla lá ó shin:

Má bhíonn tú liom
bí liom os comhair lán an tí.


líon an tí = the household
lán an tí = (the) houseful

Bhí lán an tí de pháistí ann.

"An seanchas gearr,
an seanchas is fearr."


Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cionaodh
Member
Username: Cionaodh

Post Number: 653
Registered: 05-2005


Posted on Wednesday, December 03, 2008 - 03:13 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Do scríobh Peter:
Sin peaca mór nach bhfuil gramophone record agam léithi :)


Táid agam (16 cheirnín ón gcúrsa 1928!), agus tá na ceirníní agam ón gcúrsa Linguaphone 1925 (le Shán Ó Cuív) leis.
Ar an ndea-uair, tá seinnteoir 78 rpm agam (mar seanduine gnaiúil).



Bhí an cúrsa 1928 déanta le léitheoirí ag caint i nGaeilge Chonnacht, ach bhí an ceann níos luaithe i nGaoluinn le léitheoirí ó Bhaile Mhúirne.

http://www.gaeilge.org

FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 567
Registered: 01-2006


Posted on Tuesday, December 09, 2008 - 04:20 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Bhoil, tuigim céard tá le rá agaibh, ach nach ‘in í an chiall nua-aimseartha a bhaintear as an bhfocal “family”? Ní gá a bheith pósta ná tada ach ní fhágann sin nach bhfuil “family” ag beirt a bhfuil cónaí in éindí orthu – nó níos mó daoine, le cúram agus gan iad... :)

Maidir leis an Linguaphone Irish Course, a Chionaoidh a chara, an ndearna tú “digitising” ar na ceirníní seo? Sin é an fáth a bhfuil mé dhá fhiarfaí dhíot, tá an-suim agam iontu – caint Chonnacht as na fichidí!!!

'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Cionaodh
Member
Username: Cionaodh

Post Number: 655
Registered: 05-2005


Posted on Wednesday, December 10, 2008 - 02:49 pm:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Maidir leis an Linguaphone Irish Course, a Chionaoidh a chara, an ndearna tú “digitising” ar na ceirníní seo?

Rinne. Is féidir go bhfuil cóipcheart orthu fós d'ainneoin na haoise; scríobh chugam maidir leis: cionaodh(ag)gaeilge.org

http://www.gaeilge.org

FRC - Fáilte Roimh Cheartúcháin

Top of pagePrevious messageNext messageBottom of page Link to this message

Peter
Member
Username: Peter

Post Number: 568
Registered: 01-2006


Posted on Thursday, December 11, 2008 - 11:14 am:   Small TextLarge TextEdit Post Print Post

Tá mé thar éis teachtaireacht a chur chugat!

'Na trí rud is deacra a thoghadh – bean, speal agus rásúr'



©Daltaí na Gaeilge