Author |
Message |
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 355 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, December 02, 2008 - 02:44 pm: |
|
Táim ag déanamh liosta bhig de téarmaí a bhaineann le tinteáin dóite adhmaid, ach tá cúpla gur théip orm d'fháil: andiron/firedog damper (cé go bhfuil aon fhoinse amháin a mhaíonn gur féidir an bhrí seo a bheith ag "clabhar", le cois a phríomhbhrí, "matal") fireback An bhfuil a fhios ag éinne anso conas cuir Gaeilge orthu? |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7770 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 02, 2008 - 03:53 pm: |
|
Ós rud é nach dtuigim iad as Béarla (fear cathrach mé!).... Seans go bhfuil leagan eile as Béarla orthu má theip ort iad a fháil sna foclóirí. Ba chabhair é dá gcuirfeá síos orthu. Hmm http://dictionary.reference.com/browse/firedog http://dictionary.reference.com/search?q=andiron&db=luna Tá "crann teallaigh" ag de Bhaldraithe Tá "coiglím an tine" aige faoi "damp" ach is "raked embers", "banked up fire" atá ag an Dálach ar "coigilt tine", mar sin tá amhras orm. Tagann an méid a fuair mé in "An Béal Beo" leis sin. D'fheadfá feidhm a bhaint as "maolaire", dar liom http://www.focal.ie/Search.aspx?term=maolaire&lang=2 D'fheadfá "cúl an fadaithe" a thabhairt ar fireback. (Fadú - fireplace, m) |
|
Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Member Username: Domhnaillín_breac_na_dtruslóg
Post Number: 356 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, December 02, 2008 - 04:24 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Aonghuis, ach ceapaim go bhfuil saghas eile de "damper" atá i gcéist le "maolaire". I simléar is "damper" comhla a rialaíonn an aershreabh. Ach turraingí a mhaolú is ea aidhm an mhaolaire. |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7772 Registered: 08-2004
| Posted on Tuesday, December 02, 2008 - 04:42 pm: |
|
Tuigim cad atá i gceist, agus sílim go bhfeilinn maolaire maolú [ainm briathartha][ainmfhocal firinscneach] a dhéanamh maol, laghdú, ceansú. Níl mé cinnte céard go baileach atá i gceist agat le turraingí! An deacracht ná go raibh an fadú oscailte, agus sách simplí, in úsáid in Éirinn. Tá amhras orm go bhfuil téarmaíocht dúchasach ann don stuif seo. Tá "maolaitheoir" ag an Dálach ar "Dimmer" nó "Dipper" sa réimse "Automobilism" Ach ní bheidh mé maolchluasach má thagann duine eile ar leagan níos fearr. Is maol gualainn gan bráthair, tar éis an tsaoil! Anois, táimse ag triail an am mbinn bán chun mo thuirse a mhaolú!
turraing [ainmfhocal baininscneach den dara díochlaonadh] ruathar, ionsaí; titim, leagan (baineadh turraing asam); tubaiste. |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 124 Registered: 04-2008
| Posted on Tuesday, December 02, 2008 - 05:30 pm: |
|
Ní broim tine atá i gceist agat le "fireback", an ea? Dála an scéil bhí tinteán ar m'aigne féin agam inniu agus mé ar thuras gnó i mBerlin, áit a raibh an teocht faoin reophointe ann agus an ghaoth ón oirthear ina teannta. Chuir sé nath i gcuimhne dom a bhí againn fadó... : (Is í an ghaoth atá i gceist.) "D'shéidfeadh sí na liathróidí práis de mhoncaí." Gan dul i muinín gáirsiúlachta an bhfuil fhios ag éinne cad é an bunús stairiúil don nath sin? Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4312 Registered: 02-2005
| Posted on Tuesday, December 02, 2008 - 09:21 pm: |
|
"An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7773 Registered: 08-2004
| Posted on Wednesday, December 03, 2008 - 06:16 am: |
|
Tá an nath coillte acu orainn! Dála an scéil a Ormondo, toisc taise san aer abhus, agus sioc forleathan mothaímse níos fuaire abhus inniu ná mar a mhothaíos agus mé thall! Tá moncaí práis amuigh ag lorg táthaire! |
|
Ormondo
Member Username: Ormondo
Post Number: 126 Registered: 04-2008
| Posted on Thursday, December 04, 2008 - 04:24 pm: |
|
Faoi mar a deirtí sa cheoldráma fadó: An finscéal coillte is í an fhírinne is binne. Is geal leis an bhfiach dubh a ghearrcach féin.
|
|
Antain
Member Username: Antain
Post Number: 44 Registered: 06-2008
| Posted on Thursday, December 04, 2008 - 04:53 pm: |
|
Nuair a bhí Gaeilge beo i gContae Dhoire bhí focal deas ar fire-tongs: 'timire teallaigh'. Tá sé ag roinnt daoine i dTír Chonaill go fóill ach is coitianta i bhfad 'maide briste'. |
|
Trigger
Member Username: Trigger
Post Number: 255 Registered: 10-2007
| Posted on Thursday, December 04, 2008 - 05:06 pm: |
|
Cad é mar a fhios agat an t-eolas sin a Antain, cha raibh Gaeilge beo i nDoire le bliantaí. gaeilgeoir.blogspot.com
|
|