Author |
Message |
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7754 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 27, 2008 - 08:52 am: |
|
Agus gan amhras ag na Poncáin abhus freisin! Bainigí sult as. Feicim go bhfuil ar a laghad roinnt den dream a thug cabhair dos na hoilithrigh fós ann http://www.wampanoagtribe.net/Pages/Wampanoag_Education/S004B180F-004B18A3 |
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4301 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, November 27, 2008 - 01:30 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Aonghuis. Beidh aon duine déag timpeall an bhoird againn anocht. Agus i lár an bhoird... bradán! Ní maith liom turcaí agus ní itheann cuid de na cairde feoil, cé go n-itheann siad iasc. Pescatarians iad. An bhfuil aon Ghaeilge agat air sin? "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Domhnall_Ó_h_aireachtaigh
Member Username: Domhnall_Ó_h_aireachtaigh
Post Number: 569 Registered: 09-2006
| Posted on Thursday, November 27, 2008 - 01:38 pm: |
|
Go raibh maith agat, a Aonghus. Ní chócarálaim an turcaí i mbliana. Níos furasta téigh ar bialann. (Message edited by Domhnall_Ó_h_aireachtaigh on November 27, 2008) |
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7759 Registered: 08-2004
| Posted on Thursday, November 27, 2008 - 03:29 pm: |
|
Dul go bialann! An foireann bhocht - ag obair agus gach aoinne eile ar saoire. Tá feoiliteoir ag Focal ar carnivore. Bheadh éisciteoir feiliúnach mar sin do lucht slogtha bradáin! Go ndéana an chraos maith díbh, ach ná téigí thar fóir! |
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 928 Registered: 06-2006
| Posted on Thursday, November 27, 2008 - 06:05 pm: |
|
Ocht nduine dhéag a shuigh chun boird liom anocht. Ní bheadh slí dóibh uilig i m'árasán ar chor ar bith, mar sin thug muid an dinnéar go léir isteach go roinn na matamaitice. Béile an-traidisiúnta a bhí againn: turcaí, búiste le castáin agus mónóga, brúitín, súlach, fataí milse, cúpla sórt anlainn mhónóg, bullógaí aráin agus im, sailéad, arbhar, cóilis, pónairí, agus na pióga: puimcín, úll agus fraochán gorm. Piseanna talún als Vorspeise und Nachspeise. B'sheo an chéad uair dom bheith i mbun a leithéid asam féin seachas ag cabhrú le mo mháthair, agus murach an cúnamh a fuair mé is mé a bhí scrúdthaí leis! Rinne muid saghas potluck de na glasraí éagsúla (sin an fáth go raibh an oiread sin cineálacha ar an gclár!) agus chuidigh ceathrar acu le clár agus cathaoireacha a shocrú sa seomra comónta, fad is a bhí mé féin sa mbaile ag cócaireacht liom. Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Dennis
Member Username: Dennis
Post Number: 4303 Registered: 02-2005
| Posted on Thursday, November 27, 2008 - 07:00 pm: |
|
Arbhar? Arbhar Indiach atá tú a rá? Conas a deirfeá "corn on the cob" i nGaeilge? ;-) An Meiriceánaigh den chuid is mó a bhí ann, nó grúpa idirnáisiúnta? Le fírinne, is grúpa sách idirnáisiúnta a bheas anseo anocht, cé go bhfuil siad uilig ina gcónaí sna Stáit anois: Eilvéiseach , Sasanach, Iodálach, agus .... ummmm.... conas a deirtear South African? Saoránach de chuid na hAfraice Theas? Meiriceánaigh an chuid eile againn. "An seanchas gearr, an seanchas is fearr."
|
|
Abigail
Member Username: Abigail
Post Number: 929 Registered: 06-2006
| Posted on Friday, November 28, 2008 - 08:34 am: |
|
Arbhar Indiach, go deimhin, .i. Mais mar a thugtar anseo air. Hmm, ceist mhaith. Arbhar (Indiach) ar choinnleog a ritheas liom anois (ach ní mar sin a bhí sé againn aréir.) Grúpa idirnáisiúnta go leor - Spáinnigh, Gearmánaigh, Eilvéisigh, Iodálaigh, Francaigh, Meicsiceach, Éireannach, Rómánach agus Coiréach. Mise an t-aon Yank a bhí ann, ach bhí cúigear eile a chaith roinnt blianta thall (nó "thuas" i gcás an Mheicsicigh!) Tá fáilte roimh chuile cheartú!
|
|
Aonghus
Member Username: Aonghus
Post Number: 7764 Registered: 08-2004
| Posted on Friday, November 28, 2008 - 08:55 am: |
|
arbhar sa dias a mholann Focal.ie dias [ainmfhocal baininscneach] cos agus ceann arbhair; bior, spíce. Focal nach raibh agam, sa chiall sin pé scéal é. |
|
Séamas_Ó_neachtain
Member Username: Séamas_Ó_neachtain
Post Number: 866 Registered: 11-2004
| Posted on Friday, November 28, 2008 - 04:14 pm: |
|
GRMA as do bheannacht, a Aonghuis. Sílim... Cé hé an seán seo? ;- ) Bhí slua mór ag mo theachsa chomh maith, agus béile iontach againn, buíochas le mo bhean. Rinne mé féin an phióg "pecan". Mmmm. Nach iontach an comhrá seo as Gaeilge amháin sa bhreacGhaeltacht seo... |
|
|